Príomh-Rialacha Sábháilteachta
Gnéithe Sábháilteachta
Ag Stop Tram
- CCTV
- Pointe Cabhrach Éigeandála suite in aice Meaisín Ticéad. Brúigh agus labhair go díreach le seomra stiúrtha Luas.
Ar Bord Tram
- CCTV
- Cnaipe Éigeandála in aice an dorais. Brúigh agus labhair go díreach le tiománaí an tram.
- Hanla Éigeandála in aice an dorais. Tarraing an hanla seo agus stopfaidh an tram.
- Pearsanra Slándála*
- Oifigigh Chosanta Ioncaim Luas*
- Tiománaí an Tram
Conas Tram a Úsáid
- Ní mór ticéad bailí a bheith agat chun dul ar bord tram.
- Ná déan an tram a bhordáil ná a fhágáil nuair atá na doirse a dhúnadh.
- Bíodh ar eol duit go bhfuil cnaipe/hanla éigeandála ag doras gach tram.
- Tá pointí cabhrach éigeandála ar na hardáin go léir in aice na Meaisíní Díolta Ticéad.
- Beir greim ar ráillí láimhe agus tú ar an tram.
- Léirigh meas do phaisinéirí eile le do thoil.
- Tá CCTV ar gach tram agus ag gach Stop.
- Baineadh paisinéirí i gcathaoireacha rotha agus iad le bugaithe úsáid as na doirse dúbailte i lár an tram, le bhur dtoil.
Tiománaithe Gluaisteán
- Ná bí i do chearrbhach ómra riamh. Ná bris solas dearg riamh.
Ná stop ar bhosca bhuí ar an mbóthar riamh.
Bíodh fhios agat nuair atá gluaisrothair agus rothaithe in aice láimhe. - Fan glan ar an trambhealach.
- Féach an dá threo agus tú ag casadh.
Coisithe agus Paisinéirí
- Bain úsáid as trasbhealaí ainmnithe chun trasnú.
- Éist do adhairc agus cloigín rabhaidh - is féidir go gcuirfidh cluasáin agus fóin phóca ar seachrán tú.
- Féach an dá threo roimh trasnú trambhealaigh.
- Coinnigh amach ó línte cumhachta lastuas.
- Bí cinnte nach bhfuil tú folaithe ag carr pairceáilte agus tú ag trasnú.
- Bíonn tramrianta sleamhain in aimsir fhliuch oighreata. Bí aireach.
Rothaithe
- Bí aireach in aimsir fhliuch oighreata. Bíonn tramrianta sleamhain.
- Bí cúramach faoi eitre an riain
- Breathnaigh agus éist do tram.
- Déan réidh chun na rianta a thrasnú tamall maith roimh ré.
- Bain úsáid as chomharthaí láimhe.
- Tóg do chuid ama chun trasnú.
- Bain úsáid as lánaí rothair nuair a bhíonn siad ar fáil.
Ag Taisteal le Páistí
Coinnigh do pháistí gar duit. Coinnigh greim láimhe orthu go mórmhór ag bordáil agus ag fágáil an tram. Má bhíonn tú ag taisteal le bugaí, bordáil Luas i gcónaí ag an am céanna a mbíonn tú ag bordáil an bugaí.
Spásanna Suite Clainne ar tramanna
Tá spásanna suite clainne ar bord. Iarr ar phaisinéirí go béasach iad a fhágáil duit agus dod' chlann chun go mbeidh siad le chéile.
Céard le déanamh má chailleann tú do pháiste
Tá tú ag Stop Luas Déan teagmháil láithreach le do thoil le Seomra Stiúrtha Luas ag brú an chnaipe éigeandála ag Stop (suite in aice na Meaisíní Díolta Ticéad). Mínigh do Sheomra Stiúrtha Luas cén Stop ag a bhfuil tú agus cén treo ina bhfuil an tram ina bhfuil do pháiste ag taisteal. Déanfaidh Foireann Luas cinnte go n-aontófar tú le do pháiste chomh luath agus is féidir agus coimeádfaidh siad ar do eolas tú faoi na céimeanna go léir le leanúint.Tá tú ar Bord Luas
Déan teagmháil láithreach le do thoil leis an tiománaí Luas trí bhrú ar an chnaipe éigeandála ar bord. Mínigh don tiománaí Luas go bhfuil tú ar bord agus cén Stop ag a bhfuil do pháiste. Déanfaidh Foireann Luas cinnte go n-aontófar tú le do pháiste chomh luath agus is féidir agus coimeádfaidh siad ar do eolas tú faoi na céimeanna go léir le leanúint.









Follow us on: