icon
Home | Duplicate of News Centre | Duplicate of Gaeilge

Duplicate of Gaeilge

Tá dhátramlíne Luas, an Líne Dhearg agus an Líne Uaine. Tá an Líne Dhearg 15.5 ciliméadar i bhfad agus tá 27 stadanna air. Iosta na Rinne go Tamhlacht. Tá an Líne Uaine 16.5 ciliméadar i bhfad agus tá 22 stadanna air. Faiche Stiabhna go Gleann Bhríde.

Amanna Tramanna agus Eolas

Luan – Aoine ó 05.30am go 00.30am
Satharn ó 06.30am go 00.30am
Domhnach ó 07.00am go 23.30pm
Laethe Saoire Bainc ó 07.00am go 00.30am
Oibríonn seirbhísí speisialta ag aimsir na Nollag, na hAthbhliana agus ar ócáidí eile.

Le linn amanna ardéilimh, 07.00am go 10.00am agus 16.00pm go 21.00pm, oibríonn tramanna Luas gach 4-5 nóiméad. Ag amanna beagéilimh, ritheann tramanna gach 10-15 nóiméad.

Tá eolas ar fail ó www.luas.ie , Saorfhón Cúram Custaiméirí 1800 300 604 agus ó mapanna turais ag stadanna.
Tá taispeántais eolas phaisinéirí ag gach stad chomh maith, ag léiriú am sroichte an chéad tram eile.
Is é eolas clos-amhairc atá ar fail ar bord.
Tá CCTV ar bord tramanna agus ag stadanna.
Tá an seomra stiúrtha lárnach in Iosta an Bhó Dhearg.
Bíonn feitheoirí tráchta, a bhíonn I dteagmháil le tiománaithe tram agus oifigigh Cúram Custaiméirí, ag obair sa seomra stiúrtha 24 uair sa lá.

Céard é an t-am turais idir stadanna Líne Dhearg Luas?


Céard é an t-am turais idir stadanna Líne Uaine Luas?

 

Conas a théann mé ón Líne Uaine go dtí an Líne Dhearg?

Níl aon iompar poiblí ag nascadh an dá line. Is é an treo is dírí síos Sráid Grafton, trasna Faiche an Choláiste agus suas Sráid Uí Chonaill go Sráid na Mainistreach. Is siúlóid 15 nóiméad é.


Céard a dhéanann mé nuair a eisítear ticéad aisíoc dom?

Eisíodh ticéad athíoc duit onár meaisín díolta ticéad in ionad soinseála ceart; tarlaíonn sé seo de ghnáth mar tá an meaisín sin imithe as boinn airgid. Má tharlaíonn sé seo tá dhá rogha agat; is féidir leat : teacht go dtí ár bpríomh iosta ag stad Luas an Bhó Dhearg idir na huaireanta 9am agus 5pm ó Luan go hAoine agus beimid in ann do aisíoc a eisiúnt duit nó is féidir leat an ticéad seo a chur sap host chugainn ag ár seoladh (ar fáil sa chodán Déan Teagmháil Linn ) chomh maith le do ainm agus seoladh ionas go bhféadaimid é a chur ar ais chugat.
Má tá aoon cheisteanna eile agat maidir le aisíocanna, dean teagmháil le do thoil le Cúram Custaiméirí ar Saorfhón 1800 300 604.


An gcumhdóidh mo phas taistil mo tháille chun taistil ar an Luas?

Cumhdóidh. Má tá pas taistil leasa shóisialaigh agat (pas cliste do mhuintir Thuaiscaeart Éireann) ceadaítear do dhaoine a bhfuil pas acu taistil saor in aisce ar Luas. Iarraimid ort do phas a thógáil leat I gcónaí mar scrúdaítear ticéid go rialta ar bord tramanna agus caithfidh tú é seo a thaispeáint má iarrtar ort. Má luann do phas gur pas chompánaigh é, tá sé ceadaithe ag do chompánach taistil saor in aisce leat ar do thuras. Má tá aon cheisteanna eile agat dean teagmháil le do thoil le cúram chustaiméirí.


Cá bhfaigheann mé eolas ar Ghnáththáille?

Le haghaidh aon eolais ag baint le ghnáththáillí, dean teagmháil le cúram chustaiméirí Luas le do cheist. Saorfhón: 1800 300 604 nó ephost: info@luas.ie 
Chun gnáththáille a íoc le cárta creidmheasa/Laser, téigh le do thoil go dtí an rogha “Gnáththáille” faoi “Ticéid agus Táillí” ar bharr an leathanaigh seo.


An féidir liom rothar a thógáil ar bord an tram?

Ní féidir ach rothar infhillte I mála iompair a thabhairt ar bord. Taobh amuigh de sin, tá cosc ar rothair. Tá sé seo luaite ar in ár bhfodhlíthe.


Cá bhfuil na háiseanna páirceáil rothar?

Tá racaí rothar ag formhór na stadanna.


An féidir liom mo pheata a thabhairt ar Luas?

De réir na bhfódhlíthe, tá cosc ar ainmhithe ar Luas. * Madraí Treorach amháin

 

Cá háit is féidir liom an rian a thrasnú?

Tá pointí trasnaithe ainmnithe ag gach stad , mar a bhfuil an rian ar aon leibhéal leis an gcosán. Sa chathair ba cheart duit trasnú ag trasrianta coisithe, a thrasnaíonn bóthair agus líntí Luas de ghnáth. Cuimhnigh an Cód Sabhála a úsáid agus tú ag trasnú.

 

Céard a dhéanann mé má theastaíonn cabhair uaim ar bord an tram nó ag an stad?

Ba cheart do phaisinéirí atá cabhair uathu glaoch ar Saorfhón 1800 300 604

Is iad uaireanta Cúram Custaiméirí ná 7am – 7pm.
Ar bord an tram tá gléas cumarsáide éigeandála do phaisinéirí, suite ar ursain dorais ar an taobh dheas de ghach péire doras; cuireann sé seo ar chumas do phaisinéir lahairt go díreach leis an tiománaí

Tá luamhán coscáin éigeandála suite ag gach doras a chuirfidh faoi deara an tram a stopadh i gcás éigeandála.

Gearrfar fíneáil ar dhuine a oibríonn an coscán éigeandála go fealltach.

Tá Poinnte Cabhrach Éigeandála ag gach stad.
Brúigh uair amáin ar an cnaipe mór Dearg.
Ceanglóidh sé seo leis an seomra stiúrtha tú.
Leis an córas CCTV ag an stad, is féidir leis an fhoireann an duine a bhrúigh an cnaipe a fheiceáil.
Is féidir leis an ball foirne agus an paisinéir a bhfuil cabhair uaidh labhairt lena chéile.

Tabhair faoi deara go bhfuil CCTV ar bord an tram agus ag an stad.

 

Eolas ar an Meaisín Díolta Ticéad

Glacann an Meaisín Díolta Ticéad boinn, nótaí, cártaí Laser agus creidmheasa. Tugann sé sóinseáil chomh maith. Ní ghlacfaidh na meaisíní cártaí creidmheasa nó Laser do cheannach ar bith faoi €5.00 nó thar €50.00. Díolann sé gach cineál ticéad ach amháin ticéid bhliantúla, ticéid um bhainistí cánach nó cárta í cliste. Tá dhá mheaisín ar a laghad ag gach stad. I gcás go bhfuil an meaisín as ordú, cuir fios le do thoil ar Fhoireann Cúram Custaiméirí ar Saorfhón 1800 300 604.
Bain úsaid, le do thoil as meaisín eile chun ticéad a cheannach. Caithfidh go bhfuil ticéad bailí agat i gcónaí ar bord an tram.

 

An gcaithfidh mé íoc ag na carrpháirceanna Loc agus Taisteal?

Caithfidh. Tá luach €2 ar phairceáil suas go 4 uair agus €4 don lá iomlán. Glacann na meaisíní sa charrpháirc boinn, cártaí creidmheasa agus dochair. Agus tú ag páirceáil, bain usáid as an meaisín páirceála sa limistéar inar phairceáil tú. Caifear íoc as pháirceáil sula ndéanann tú do thuras.

 

Céard é an réim aoiseanna atá cumhdaithe ar tháille pháiste?

Idir 3 agus15 bliain. Taistilíonn páistí 3 bliain d’aois agus faoi sin saor in aisce. Caithfidh paisinéirí os cionn 15 bliain taisteal ar thicéad duine fásta ach amháin má tá cárta taistil mic léinn acu.