icon

Fleisc-Thicéid

Do phaisinéirí ag tasiteal trasna na criosanna go léir ar an Líne Dhearg agus an Líne Uaine. Ceadaíonn na ticéid seo taisteal neamhtheoranta a dhéanamh ar feadh 1 lá, 1 seachtain nó 30 lá.

Fleisc-Thicéid

Faigh do chuid Fleisc-Thiceid ó Mheaisín Díolta Ticéad Luas agus Díoltóirí Ticéad Luas. Tá Fleisc-Thicéid ó Dhíoltóirí Ticéad Luas níos saoire ná iad sin a cheannaítear ag Meaisíní Díolta Ticéad. Tá Fleisc-Thicéid bailí i ngach crios ar an dá Líne Luas.

 

Meaisíní Díolta Ticéad Luas Díoltóirí Ticéad Luas
1 Lá 7 Lá 30 Lá 1 Lá 7 Lá 30 Lá
Duine Fásta
€6.40 €23.50 €91.00 €6.40 €23.50 €85.50
Páiste €2.70 €8.40 €33.80 €2.50 €7.60 -
Mac Léinn
- €18.00 €65.00 - €18.00 €62.50

Ní mór do dhaoine fásta Cárta Aitheantais Fótó do Luas nó do Bus Átha Cliath a iompar agus iad ag taisteal le ticéid 30 Lá. Ní mór do mhic léinn Cárta Taisteal Mac Léinn bailí a iompar agus iad ag taisteal le ticéid 7 Lá agus le ticéid 30 Lá.

 

  • Tá ticéid 1 Lá bailí d'uimhir neamhtheoranta turas go dtí an tram deireannach an lá sin.
  • Tá ticéid 7 Lá bailí d'uimhir neamhtheoranta turas le 7 lá as a chéile.
  • Tá ticéid 30 Lá bailí d'uimhir neamhtheoranta turas le 30 lá as a chéile.

 

Baineann páistí idir 3 agus 15 bliana tairbhe as táillí laghdaithe. Is féidir le páistí faoi 3 bliana taisteal saor in aisce ar Luas ach ní mór paisinéir atá ag íoc a bheith leo.

Is féidir le daoine 66 bliana agus os a chionn sin Pas Taistil Saor in Aisce a iarraidh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.