Dúnadh Páirteach Sealadach Líne Dhearg Luas

20/11/2026

Dúnadh Páirteach Sealadach Líne Dhearg Luas

Beidh oibreacha bunriachtanacha innealtóireachta ar siúl ar Líne Dhearg an Luas gar do do theach nó do do ghnó sna laethanta amach romhainn. Beidh na hoibreacha ar siúl Dé Sathairn, an 28 Samhain agus Dé Domhnaigh, an 29 Samhain 

Leis na hoibreacha seo a éascú, ní bheidh aon seirbhís Luas idir an Bhó Dhearg agus Tamhlacht / Teach Sagard ón tram deiridh ar an Aoine, an 27 Samhain go dtí an chéad tram ar an Luan 30 Samhain. 

Dá bhrí sin, b’fhearr é a chur i gcrích thar dhá lá i ndiaidh a chéile. 

Baineann na hoibreacha riachtanacha iarnróid seo le hiarnród nua a shuiteáil ag Stop Belgard agus ag crosaire Luas thar Bhóthar Belgard. 

Tá na hoibreacha seo riachtanach d’oibriú an chórais Luas, agus cinntíonn siad go gcuirimid seirbhís tram atá sábháilte agus iontaofa ar fáil dár gcustaiméirí. Beidh briseadh coincréite i gceantair áirithe agus deisiú ráille iarnróid i gceist leis na hoibreacha. Beidh torann á ghiniúint ag na hoibrithe, na feithiclí agus an innealra ó am go ham. Dá bhrí sin, is fearr é a dhéanamh thar thrí lá as a chéile. 

Le linn na n-oibreacha seo, ní bheidh aon seirbhísí tram Líne Dhearg idir An Bhó Dhearg agus Tamhlacht / Teach Sagard. Beidh seirbhís bus athsholáthair ag freastal ar na stopanna Luas dúnta idir An Bhó Dhearg agus Tamhlacht/Teach Sagard le linn na laethanta seo. 

Ar na dátaí seo, ní bheidh tramanna ag rith ach idir Iosta na Rinne / Conghaile agus An Bhó Dhearg. 

Níl aon tionchar ar sheirbhísí Líne Uaine Luas agus beidh siad ag rith mar is gnách. 

Suíomhanna Stad Bus Athsholáthair 

Freastalóidh seirbhís bus athsholáthair ar na stopanna Luas atá dúnta idir An Bhó Dhearg agus Tamhlacht/Teach Sagard faoi réir roinnt srianta. 

Beidh busanna ag rith thart ar gach 15 nóiméad ar na laethanta sin. Tá ticéad bailí Luas ag teastáil chun an tseirbhís bus athsholáthair a úsáid. Tabhair am breise duit féin le haghaidh taistil, le do thoil. 

Custaiméirí Luas atá ag taisteal idir An Bhó Dhearg agus Tamhlacht / Teach Sagard féach thíos le do thoil: 

Ón Bhó Dhearg go Tamhlacht 

Stop Luas 

Suíomh an stad bus mhalartaigh 

Fad siúil (garbh) ó Stop Luas 

An Bhó Dhearg 

Stadanna bus in aice le stop Luas na Bó Deirge. Bá Bus Uimh. 1 

1 nóiméad 

Coill an Rí  

Mar gheall ar líon teoranta áiteanna tuirlingthe bus, ní stopfaidh an bus athsholáthair ag Stop Luas Choill an Rí. Bain úsáid as an stad bus ag Stop Luas Belgard, tá sé 18 nóiméad siúil ón bpointe seo. 

- 

Belgard  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Belgard ar an lána bus ar an leibhéal céanna leis an ardán. 

 

1 nóiméad 

Baile an Chócaigh 

Stadanna bus in aice le Stop Luas Bhaile an Chócaigh 

1 nóiméad 

An tOspidéal  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Ospidéal Thamhlachta 

1 nóiméad 

Tamhlacht  

Stad bus uimh. 4347 ag Cearnóg Belgard 

2 nóiméad 

 

Ón Bhó Dhearg go Teach Sagard 

Stop Luas 

Suíomh an stad bus mhalartaigh 

Fad siúil (garbh) ó Stop Luas 

An Bhó Dhearg 

Stadanna bus in aice le stop Luas na Bó Deirge. Bá Bus Uimh. 1 

1 nóiméad 

Coill an Rí  

Mar gheall ar líon teoranta áiteanna tuirlingthe bus, ní stopfaidh an bus athsholáthair ag Stop Luas Choill an Rí. Bain úsáid as an stad bus ag Stop Luas Belgard, tá sé 18 nóiméad siúil ón bpointe seo. 

- 

Belgard  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Belgard ar an lána bus ar an leibhéal céanna leis an ardán. 

 

1 nóiméad 

Fothair Chardain 

Stadanna bus in aice le Stop Luas Fhothair Chardain 

1 nóiméad 

Baile an tSíbhrigh  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Bhaile an tSíbhrigh 

1 nóiméad 

Campas Gnó Iarthar na Cathrach 

Mar gheall ar líon teoranta áiteanna tuirlingthe busanna, ní stopfaidh an bus athsholáthair ag Stop Luas Champas Gnó Iarthar na Cathrach. Bain úsáid as an stad bus ag Stop Luas Bhaile Uí Fhoirtcheirn, tá sé 8 nóiméad siúil ón bpointe seo. 

- 

Baile Uí Fhoirtcheirn 

Stadanna bus in aice le Stop Luas Bhaile Uí Fhoirtcheirn 

1 nóiméad 

Teach Sagard  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Theach Sagard 

1 nóiméad 

Ó Theach Sagard go dtí An Bhó Dhearg: 

Stop Luas 

Suíomh an stad bus mhalartaigh 

Fad siúil (garbh) ó Stop Luas 

Teach Sagard  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Theach Sagard 

1 nóiméad 

Baile Uí Fhoirtcheirn  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Bhaile Uí Fhoirtcheirn 

1 nóiméad 

Campas Iarthar na Cathrach  

Mar gheall ar líon teoranta áiteanna tuirlingthe busanna, ní stopfaidh an bus athsholáthair ag Stop Luas Champas Gnó Iarthar na Cathrach. Bain úsáid as an stad bus ag Stop Luas Bhaile Uí Fhoirtcheirn, tá sé 8 nóiméad siúil ón bpointe seo. 

- 

Baile an tSíbhrigh 

Stadanna bus in aice le Stop Luas Bhaile an tSíbhrigh 

1 nóiméad 

Fothair Chardain  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Fhothair Chardain 

1 nóiméad 

Belgard 

Stadanna bus in aice le Stop Luas Belgard 

1 nóiméad 

Coill an Rí 

Mar gheall ar líon teoranta áiteanna tuirlingthe bus, ní stopfaidh an bus ionaid ag Stop Luas Choill an Rí. Bain úsáid as an stad bus ag Stop Luas Belgard, tá sé 18 nóiméad siúil ón bpointe seo. 

- 

An Bhó Dhearg 

Stadanna bus ag bá Uimh.1 

1 nóiméad 

 

Ó Thamhlacht go dtí An Bhó Dhearg: 

Stop Luas 

Suíomh an stad bus mhalartaigh 

Fad siúil (garbh) ó Stop Luas 

Tamhlacht  

Stadanna bus in aice le hIonad Siopadóireachta na Cearnóige (stad bus in aice leis an timpeallán gar do Stop Luas) 

2 nóiméad 

An tOspidéal  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Ospidéal Thamhlachta 

1 nóiméad 

Baile an Chócaigh  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Bhaile an Chócaigh 

1 nóiméad 

Belgard  

Stadanna bus in aice le Stop Luas Belgard 

1 nóiméad 

Coill an Rí  

Mar gheall ar líon teoranta áiteanna tuirlingthe bus, ní stopfaidh an bus ionaid ag Stop Luas Choill an Rí. Bain úsáid as an stad bus ag Stop Luas Belgard, tá sé 18 nóiméad siúil ón bpointe seo. 

- 

An Bhó Dhearg 

Stadanna bus ag bá Uimh.1 

1 nóiméad 

Feidhmeoidh Líne Dhearg an Luas mar is gnách ó Dé Luain, an 30 Samhain.

Go raibh maith agat as do chuid foighne agus comhoibrithe le linn na n-oibreacha seo. 

Chun iompar malartach a phleanáil, bain úsáid as Pleanálaí Turas TFI, atá ar fáil ar líne nó ó na siopaí Google Play nó Apple App. 

I gcás Luas RTPI, féach ar Aip Luas, atá ar fáil ar shiopaí Apple App agus Google Play, nó roghnaigh do stop ón rannán um Fhaisnéis Bheo Luas dár Leathanach Baile. 

Lean @Luas ar X, Instagram agus Facebook nó seiceáil an rannán um Nuashonrú Taistil dár suíomh gréasáin le haghaidh nuashonruithe eile thar an deireadh seachtaine. 

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le Ionad Cabhrach TFI ar Ghlao áitiúil 0818 294 015.