Skip to main content

CCanna

  • Is é Transdev a dhéanann Córas Iompar Iarnród Éadrom Bhaile Átha Cliath darbh ainm Luas a oibriú.
  • Is é Bonneagar Iompair Éireann (TII) an comhlacht atá freagrach as Luas.
  • Tá dhá líne thram, an Líne Dhearg agus an Líne Uaine.
  • Tá an Líne Dhearg 20 km i bhfad agus tá 32 Stop aici. Ritheann an Líne Dhearg ó Thamhlachta go dtí An Pointe agus ó Theach Sagard go Stop Uí Chonghaile.
  • Tá an Líne Uaine 24.5 km i bhfad agus tá 35 Stop aici. Ritheann an Líne Uaine ó Ghleann Bhríde go Droichead Broome.
  • Iompraíodh 22 milliúin paisinéir sa bhliain 2005
  • Iompraíodh 26 milliúin paisinéir sa bhliain 2006
  • Iompraíodh 28.4 milliúin paisinéir sa bhliain 2007
  • Iompraíodh 27.4 milliúin paisinéir sa bhliain 2008
  • Iompraíodh 25.4 milliúin paisinéir sa bhliain 2009
  • Iompraíodh 27.4 milliúin paisinéir sa bhliain 2010
  • Iompraíodh 29.06 milliúin paisinéir sa bhliain 2011
  • Iompraíodh 29.4 milliúin paisinéir sa bhliain 2012
  • Iompraíodh 30.5 milliúin paisinéir sa bhliain 2013
  • Iompraíodh 32.4 milliúin paisinéir sa bhliain 2014
  • Iompraíodh 34.6 milliúin paisinéir sa bhliain 2015
  • Iompraíodh 34.2 milliúin paisinéir sa bhliain 2016
  • Iompraíodh 37.6 milliúin paisinéir sa bhliain 2017
  • Iompraíodh 41.8 milliúin paisinéir sa bhliain 2018
  • Iompraíodh 48.1 milliúin paisinéir sa bhliain 2019
  • Iompraíodh 19.2 milliúin paisinéir sa bhliain 2020
  • Iompraíodh 19.5 milliúin paisinéir sa bhliain 2021
  • Iompraíodh 38.7 milliúin paisinéir sa bhliain 2022
  • Iompraíodh 48.2 milliúin paisinéir sa bhliain 2023
  • Iompraítear 140,000 paisinéir ar an meán go laethúil

Éifeachtach ó 2p.m. 9 Nollaig 2017
Féach na leathanaigh seo a leanas:
Uaireanta Oibrúcháin na Líne Deirge agus Uaine

Is ionainn buaicuaireanta agus na huaireanta seachbhuaice agus minicíocht seirbhíse.

Is iad seo a leanas na buaicuaireanta:

  • Luan go hAoine: ar maidin (7a.m.-10p.m.) agus tráthnóna (4p.m-7p.m.)
  • Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc:11.00 a.m. go 8.00 p.m

Tá Meaisíní Díolta Ticéid lonnaithe ag gach stop. Glactar le boinn airgid, nótaí agus cártaí dochair/ creidmheasa agus tugtar sóinseáil chomh maith. Ní ghlactar le nótaí €50 do cheannacháin níos lú ná €30. Glactar le híocaíochtaí cárta gan tadhaill d’idirbhearta suas le €50 ag na Meaisíní Díolta Ticéid. Tabhair faoi deara nach féidir ticéid a cheannach ar bord na dtramanna. Ní mór duit an ticéad bailí a bheith agat i gcónaí agus tú ar bord an tram.

Eisíodh ticéad aisíoctha ort ónár Meaisín Díolta Ticéad in ionad sóinseáil cheart; déantar é seo de ghnáth nuair a ritear amach as boinn airgid sa mheaisín. Má tharlaíonn sé sin duitse, tá dhá rogha agat, is féidir leat imeacht chuig an iosta ag Stopanna na Bó Deirge nó Áth an Ghainimh idir 9a.m. agus 5p.m. Luan go hAoine agus is féidir linn d’aisíocaíocht a eisiúint duit nó is féidir leat an ticéad sin a chur sa phost chugainn ag ár seoladh (ar fáil sa rannóg ‘Téigh i dTeagmháil Linn) mar aon le d’ainm agus do sheoladh go mbeidh a fhios againn cén áit é a sheoladh ar ais chuige.

Má tá aon cheist eile agat maidir le aisíocaíochtaí téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara Luas ag 0818 294 015

Clúdóidh. Más sealbhóir pas CSP Saorthaistil thú (pas cliste do shealbhóirí ó Thuaidh), ceadaítear do shealbhóirí pas taisteal saor in aisce ar Luas, iarraimid ort do phas a choinneáil ort i gcónaí mar déantar ticéid a sheiceáil go minic ar bord tramanna agus beidh ort é seo a thaispeáint má iarrfar ort. Má luaitear i do phas gur pas compánaigh é tá sé ceart go leor do chompánach taisteal saor in aisce leat le haghaidh do thurais. Má tá aon cheist eile agat téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara Luas.

Chun aon fhaisnéis maidir le táillí Caighdeánacha a fháil féach https://luas.ie/sfn-appealinfo.html

De rogha air sin, téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméirí TFI le do cheist: 0818 294 015 nó seol ríomhphost chuig: [email protected]

Chun íocaíocht a dhéanamh ar tháille chaighdeánach le cárta dochair/ creidmheasa téigh chuig an rogha ‘Íoc as Táille Chaighdeánach’ ar ár leathanach baile nó cuir glao ar Sheirbhís Custaiméara TFI ag 0818 294 015.

Ní cheadaítear ach rothair fhillte i mála iompair a thabhairt ar bord. Seachas sin, ní cheadaítear rothar ar bord. Luaitear é seo inár bhFodhlíthe ar féidir iad a fháil anseo: https://luas.ie/luas-byelaws.html.

Féach https://luas.ie/bike-parking.html chun suíomhanna páirceála rothair a fháil.

Ceadaítear Madraí Treoracha ar Luas. Ceadaítear do mhadraí agus d’ainmhithe eile a bheith ar an tram chomh fada agus atá siad i gcás/ i mbosca iompair peataí dúnta. Tá a thaisteal de rogha fhoirne Luas.

Tá pointí trasnaithe sainithe ag gach Stop. áit a bhfuil an ráille cothrom leis an gcosán. Sa chathair ba chóir trasnú ag trasrianta coisithe, a thrasnaíonn bóithre agus línte Luas de ghnáth, Cuimhnigh ar an gCód Sábhála a úsáid agus tú ag trasnú.

Má tá cúnamh ag teastáil uait tá go leor bealaí le teagmháil a dhéanamh le duine d’fhoireann Luas. Is féidir é seo a dhéanamh trí aon cheann de na bealaí seo a leanas:

  • Cuir glao ar Sheirbhís Custaiméara TFI – Ba chóir do phaisinéirí a bhfuil cúnamh uatha glao a chur ar 0818 294 015. Uaireanta Sheirbhís Custaiméara Luas ná Luan go hAoine 7 a.m.- 7p.m., Dé Sathairn 8 a.m. – 6 p.m., Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc 10 a.m.- 6 p.m.
  • Úsáid an Cnaipe Pointe Cúnaimh Éigeandála – Ar bord gach tram tá gléas cumarsáide paisinéara lonnaithe ag an ursain ar thaobh na láimhe deise de gach péire doirse. Nuair a bhrúitear an cnaipe ar an ngléas seo ligtear don phaisinéir labhairt go díreach leis an tiománaí.
  • Úsáid an Luamhán Coscáin Éigeandála – Tá luamhán coscáin lonnaithe ag gach doras a chuirfidh Stop leis an tram i gcás éigeandála. Beidh fíneáil i gceist má dhéantar an coscán éigeandála a ghníomhachtú go bréagach.
  • Úsáid an cnaipe SOS – Tá cnaipe SOS ag gach Stop. Brúigh an cnaipe mór Dearg uair amháin agus ceanglóidh sé sin leis an seomra rialála tú, áit a mbeidh tú in ann labhairt le duine agus cúnamh a iarraidh. Bíonn an fhoireann in ann an té a bhrúigh an cnaipe a fheiceáil mar gheall ar an gcóras CCTV.
  • Úsáid Seirbhís Téacs Slándála Luas – Tuairiscigh iompraíocht fhrithshóisialta go discréideach trí théacs leis na focail “LUAS” a chur chuig 51444.Cuir uimhir an tram agus do shuíomh leis mar aon le ráiteas gonta mar gheall ar an iompraíocht a fheiceann tú. Féach luas.ie/luas-text-service-terms-faqs.html chun tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar Sheirbhís Téacs Slándála Luas.

Tabhair faoi deara go bhfuil CCTV ar bord an tram agus ag an stop.

Thíos tá samplaí maidir leis an gcaoi le haistriú idir línte.

Acomhal Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Sráid na Mainistreach agus Marlborough.

(photo)

Agus tú ag taisteal ó thuaidh ar an Líne Ghlas fág an tram ag Stop Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, siúl ar feadh 2 nóim (140m) chuig Sráid na Mainistreach agus téigh ar bord tram Líne Dhearg ag dul siar go Teach Sagard nó Tamhlachta nó ag dul soir go Stop Uí Chonghaile nó An Pointe.

Agus tú ag dul ó dheas ar an Líne Dhearg fág an tram ag Stop Marlborough, siúl ar feadh 1 nóim (100m) chuig Stop Shráid na Mainistreach agus téigh ar bord tram Líne Dhearg ag dul siar go Teach Sagard nó ag dul soir go Stop Uí Chonghaile nó An Pointe.

Agus tú ag taisteal soir ar an Líne Dhearg, fág an tram ag Stop Shráid na Mainistreach. Chun taisteal ó thuaidh, siúl ar feadh 2 nóim (140m) chuig Stop Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill agus téigh ar bord tram Líne Ghlas ag dul ó thuaidh chuig Parnell nó Droichead Broome. Chun taisteal ó dheas siúl ar feadh 1 nóim chuig Stop Marlborough agus téigh ar bord tram Líne Ghlas ag dul ó dheas chuig Áth an Ghainimh nó Gleann Bhríde.

Glacfaidh an tram ó Dhroichead Broome go Marlborough timpeall 18 nóiméad. Ón áit sin, siúl ar feadh 1 nóim go Stop Shráid na Mainistreach agus tóg an tram soir chuig an bPointe. Glacfaidh an tram 11 nóiméad agus tá an 3Arena lonnaithe in aice leis an stop a fhágfaidh tú.

Glacann an tram ó Heuston go Sráid na Mainistreach thar ar 12 nóiméad. Fág an tram ag Sráid na Mainistreach agus siúl ar feadh 1 nóiméad go stop Marlborough chun an tram a thógáil ó dheas go Baile Amhlaoibh. Glacfaidh an tram ó Marlborough go Baile Amhlaoibh thart ar 27 nóiméad. Tá Drundrum Town Centre thart ar 6 nóiméad de shiúl ó Bhaile Amhlaoibh.

Oibreoidh tramanna Líne Uaine atá ag oibriú ó thuaidh chuig Parnell ó dheas ó Parnell go Áth an Ghainimh nó Gleann Bhríde.

Oibreoidh tramanna Líne Uaine ó thuaidh ó Dhroichead Bhríde nó Áth an Ghainimh go Parnell nó Droichead Broome

Oibreoidh tramanna Líne Uaine ó dheas ó Dhroichead Broome nó Parnell chuig Áth an Ghainimh nó Gleann Bhríde.

Oibreoidh tramanna Líne Dhearg soir ó Thamhlachta go Stop Uí Chonghaile nó chuig An bPointe.

Oibreoidh tramanna siar ón bPointe chuig Stop Uí Chonghaile chuig Teach Sagard nó Tamhlachta

Is iad seo a leanas na garamanna turais ó stop go stop:

Líne Uaine Luas

Gleann Bhríde go Parnell = thart ar 56 nóiméad

Gleann Bhríde go Droichead Broome = thart ar 1 uair 9 nóiméad

Áth an Ghainimh go Parnell = thart ar 37 nóiméad

Gleann Bhríde go Droichead Broome = thar ar 1 uair 9 nóiméad

Áth an Ghainimh go Droichead Broome = thart ar 52 nóiméad

Faiche Stiabhna go hArd-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill = thart ar 9 nóiméad

Faiche Stiabhna go Droichead Broome = thart ar 25 nóiméad

Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonail go Droichead Broome = thart ar 18 nóiméad

Léirítear acomhail Luas a bhfuil stáisiúin traenach réigiúnacha agus áitiúla acu ag stopanna.

Stop Luas Stáisiún Traenach
Duga Spencer Stáisiún Traenach Dhuga Spencer
Stop Uí Chonghaile Stáisiún Uí Chonghaile
Heuston Stáisiún Traenach Heuston
Droichead Broome Stáisiún Traenach Dhroichead Broome

Is iad seo a leanas na stopanna DART atá gar do stopanna Luas:

Stop Luas Stáisiún DART Am Siúil
Stop Uí Chonghaile Stáisiún Uí Chonghaile 1 nóiméad
Busáras Stáisiún Uí Chonghaile 2 nóiméad
Duga Sheoirse Stáisiún Uí Chonghaile 2 nóiméad
Sráid na Mainistreach Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Mhaoilbhríde Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Ard-Oifig an Phoist, Sráid Ui Chonaill Stáisiún Shráid na Teamhrach 7 nóiméad
Westmoreland Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Coláiste na Tríonóide Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Coláiste na Tríonóide Stáisiún an Phiarsach 9 nóiméad
Westmoreland Stáisiún an Phiarsach 10 nóiméad

Féach ar an bPleanálaí Náisiúnta Turais de chuid TFI chun eolas a fháil maidir le naisc iompair ó gach stop Luas

Is iad seo a leanas stáisiúin Iarnród Éireann atá gar do stopanna Luas:

Stop Luas Seirbhísí Iarnróid Áitiúil Am Siúil
Droichead Broome Stáisiún Dhroichead Broome 1 nóiméad
Duga Spencer Stáisiún Cheantar na nDugaí 5 nóiméad
Cearnóg an Mhéara – NCI Stáisiún Cheantar na nDugaí 5 nóiméad
Stop Uí Chonghaile Stáisiún Uí Chonghaile 1 nóiméad
Busáras Stáisiún Uí Chonghaile 2 nóiméad
Duga Sheoirse Stáisiún Uí Chonghaile 2 nóiméad
Heuston Stáisiún Heuston 1 nóiméad
Sráid na Mainistreach Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Mhaoilbhríde Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Ard-Oifig an Phoist, Sráid Ui Chonaill Stáisiún Shráid na Teamhrach 7 nóiméad
Westmoreland Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Coláiste na Tríonóide Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Coláiste na Tríonóide Stáisiún na bPhiarsach 9 nóiméad
Westmoreland Stáisiún na bPhiarsach 10 nóiméad
Dásain Stáisiún na bPhiarsaigh 9 nóiméad

Is iad seo a leanas na stáisiúin Iarnróid Éireann a bhfuil seirbhísí acomhail acu gar do stopanna Luas:

Stop Luas Seirbhísí Iarnróid Idirchathracha Am Siúil
Stop Uí Chonghaile Stáisiún Uí Chonghaile 1 nóiméad
Busáras Stáisiún Uí Chonghaile 2 nóiméad
Duga Sheoirse Stáisiún Uí Chonghaile 2 nóiméad
Heuston Stáisiún Heuston 1 nóiméad
Sráid na Mainistreach Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Marlborough Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Ard-Oifig an Phoist, Sráid Ui Chonaill Stáisiún Shráid na Teamhrach 7 nóiméad
Westmoreland Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Coláiste na Tríonóide Stáisiún Shráid na Teamhrach 6 nóiméad
Coláiste na Tríonóide Stáisiún na bPhiarsach 9 nóiméad
Westmoreland Stáisiún na bPhiarsach 10 nóiméad
Dásain Stáisiún na bPhiarsaigh 9 nóiméad

Idirmhalartaíonn Luas le seirbhísí bus réigiúnacha ag na suíomhanna seo a leanas.

Stop Luas Stáisiún Bus Réigiúnach / Stop
Busáras Stáisiún Bus Bhusárais
An Bhó Dhearg Stáisiún Bus na Bó Deirge

Léirítear sonraí maidir le tuilleadh stopanna gar do stopanna Luas ar an léarscáil sa rannóg stopanna ar an suíomh gréasáin seo. Molaimid Pleanálaí Náisiúnta Turais de chuid TFI a úsáid chun do bhealach a dhéanamh amach.

Glactar le boinn airgid, cártaí dochair/ creidmheasa sna Meaisíní Díolta Ticéid (MDT) agus tugtar sóinseáil chomh maith. Glactar le hidirbhearta cárta dochair/ creidmheasa sna Meaisíní Díolta Ticéid (MDT) suas le huasmhéid €150.00 in aghaidh na seachtaine. Glactar le híocaíochtaí cárta gan tadhaill d’idirbhearta suas le €50 ag na Meaisíní Díolta Ticéad chomh maith. Ní féidir idirbhearta atá níos lú ná €30 a íoc le nóta €50.Déantar é seo mar nach dtugtar ach boinn airgid mar shóinseáil ón meaisín.

Díoltar gach cineál ticéid seachas ticéid bliantúla, Ticéid Coigilteora Cánach. Tá ar a laghad dhá MDT in aghaidh an stop. I gcás a mbíonn an meaisín as ord, cuir ár bhFoireann Cúraim Custaiméirí ar an eolas ag 0818 300 604. Bain úsáid as meaisín díolta ticéid eile chun ticéad eile a cheannach. Ní mór duit ticéad bailí a bheith agat i gcónaí agus tú ar bord an tram.

Is é an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a dhéanann an Scéim Iompair Scoile a reáchtáil agus Bus Éireann a chuireann i bhfeidhm é. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi a bhfuil sé infheidhme do TFI téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara Luas ag 0818 294 015.

Tá 750vDC sna sreanga lasnairde agus tá siad in airde ag 6m seachas má léirítear a mhalairt.

Ní mhúchtar. Tá an córas beo i gcónaí, seachas i gcás éigeandála nó i gcás a mbíonn oibreacha beartaithe á ndéanamh.

Is féidir – Má chuirtear isteach ar leictreachas – má théitear i dteagmháil le cáblaí lasnairde nó má dhéantar dochar d’aon cheann de na caibinéid gar don trambhealach.

Ní féidir. Tá lánaí tram marcáilte LÁNA TRAM do thramanna amháin agus ní féidir le húsáideoirí bóthair eile iad a úsáid lena n-áirítear busanna, tacsaithe ná rothaithe.

Tá na táillí seo i bhfeidhm do chustaiméirí Luas ag an bPáirceáil + Taisteal:

Stigh Lorgan, Áth an Ghainimh, An Bhó Dhearg agus Tamhlachta
Custaiméirí Luas suas le 4 uair (nó cuid de sin) €2.00
Custaiméirí Luas lá iomlán €4.00

Baile Amhlaoibh
Custaiméirí Luas suas le 4 uair (nó cuid de sin) €2.50
Custaiméirí Luas lá iomlán €5.00

Carraig Mhaighin
Custaiméirí Luas suas le 4 uair (nó cuid de sin) €1.50
Custaiméirí Luas lá iomlán €3.00

Baile an tSíbhrigh
Custaiméirí Luas suas le 4 uair (nó cuid de sin) €1.00
Custaiméirí Luas lá iomlán €2.00

Ní mór duit ticéad bailí Luas a bheith agat ar an lá a pháirceálann tú. Gearrfar táille breise ort mura bhfuil ticéad Luas bailí agat nuair a fhágann tú an clós páirceála. Glactar le 10c, 20c, 50c, €1, €2 agus cártaí dochair/ creidmheasa ag na Meaisíní Ticéid. Glactar le híocaíochtaí cárta gan tadhaill d’idirbhearta suas le €50 ag na Meaisíní Díolta Ticéad chomh maith. Caithfear an íocaíocht a dhéanamh sula ndéanann tú do thuras.

Cliceáil anseo chun eolas a fháil mar gheall ar an gcaoi le híoc as páirceáil ag Clóis Pháirceála Pháirceáil + Taisteal Luas

Is féidir le leanaí atá 5 go 15 bliana d’aois, san áireamh, leas a bhaint as táillí laghdaithe. Is féidir le leanaí 0 go 5 bliana d’aois taisteal saor in aisce ar Luas ach ní mór dóibh a bheith in éineacht le paisinéir atá ag íoc. D’fhéadfadh fianaise aoise a bheith riachtanach. Tá Cártaí Leap do Leanaí a bhfuil bailíocht éagsúil acu ar fáil; Is féidir Cártaí Leap do Leanaí atá 4-15 bliana d’aois a úsáid chun íoc as taisteal do dhuine atá 4 go 15 bliana d’aois (san áireamh, suas leis an 16ú breithlá) agus is féidir Cártaí Leap do Leanaí atá 16 go 18 bliana d’aois (san áireamh, suas leis an 19ú breithlá) a úsáid do dhaoine atá 16 go 18 bliana d’aois.

Is féidir le Luas rogha a thairiscint duit chun ticéad grúpa a cheananch. Is féidir linn fleisc-táillí agus táillí fillte aon lá a dhíol do ghrúpaí de 20 duine nó níos mó. Ní mór go bhfaightear orduithe ar a laghad 5 lá roimh an dáta taistil. Is iad cárta dochair/ creidmheasa, seic nó ordú poist na modhanna íocaíochta.

Cuir glao ar Sheirbhís Custaiméara TFI ag 0818 294 015 chun tuilleadh eolais a fháil.

Éifeachtach ó 2p.m. 9 Nollaig 2017
Féach na leathanaigh seo a leanas:
Uaireanta Oibrúcháin na Líne Deirge agus Uaine

Tá Stop Bhusárais thart ar 3 nóim ó Stop Uí Chonghaile.

Freastalóidh formhór na dtramanna ó Theach Sagard gach stop go Stop Uí Chonghaile. Agus tú ag dul go lár na cathrach chun An Pointe a shroicheadh athraigh chuig aon tram atá marcáilte le “An Pointe” ag aon stop tar éis Fhothair Chardain. Nó bain úsáid as na hacomhail molta: Belgard nó Busáras má theastaíonn uait.

Féach ar an bhfaisnéis phaisinéara ag an stop agus na taispeáintí ar an tram chun faisnéis a fháil.

Chun dul ó Fhothair Chardain go hOspidéal Thamhlachta beidh ort athrú ag Acomhal Belgard agus dul ar bord an chéad tram eile atá ag dul i treo Thamhlachta.

Le cinntiú go bhfuil ticéad bailí agat don taisteal, caithfidh tú Tadhaill Ar a dhéanamh le do Chárta Leap TFI ag an Stop Luas ag úsáid bailíochtóir Luas roimh dul ar an tram agus Tadhaill As ag úsáid Bailíochtóir Luas ag an Stop nuair a fhágann tú an tram.

Má tá an Líne Ghlas agus an Líne Dhearg araon in úsáid agat le haghaidh do thuras, Tadhaill Ar ag an Stop Luas roimh dul ar Luas agus Tadhaill As tar éis Luas a fhágáil don chéad chuid de do thuras. I ndiaidh duit línte a athrú, Tadhaill Ar roimh dul ar Luas agus Tadhaill As i ndiaidh Luas a fhágáil don dara cuid de do thuras. Trí Thadhaill Ar / As do gach turas tram cinnteoidh tú go bhfuil ticéad bailí agat don taisteal agus beidh solúbthacht agat d’intinn a athrú maidir leis an dara cuid de do thuras.

Is féidir leat Tadhall Ar roimh an gcéad turas tram; athraigh tramanna agus Tadhaill As tar éis an dara turas tram ach bí cúramach nach ndéanann tú Tadhaill Ar nó As trí thimpiste.

Leagtar amach sampla reatha de thuras ina mbaintear úsáid as an dá líne ó Bhaile Amhlaoibh go Heuston. Chun do thuras a chur i gcrích, ba chóir duit:

  • -Tadhaill Ar sula dtéann tú ar an tram ar an Líne Uaine ag Stop Luas Bhaile Amhlaoibh ag úsáid aon cheann de na Bailíochtóirí Luas ag an Stop.
  • -Tadhaill As tar éis an tram a fhágáil ar an Líne Uaine ag Stop Luas, Ard Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill ag úsáid aon ceann de na Bailíochtóirí Luas ag an Stop.
  • -Tadhaill Ar sula dtéann tú ar an tram ag an Líne Dhearg ag Stop Luas Shráid na Mainistreach ag úsáid aon cheann de na Bailíochtóirí Luas ag an Stop.
  • -Tadhaill As tar éis an tram a fhágáil ar an Líne Dhearg ag Stop Luas Heuston ag úsáid aon cheann de na Bailíochtóirí Luas ag an Stop.

Tá Ticéad Luas bailí, Pas Bailí nó Cárta Leap TFI bailíochtaithe ag Stop Luas ag teastáil chun Luas a úsáid. Tadhaill Ar roimh gach turas Luas agus Tadhaill as ina dhiaidh ag an Stop Luas chun Cárta Leap TFI bailíochtaithe a bheith agat le haghaidh do thurais. Mura féidir ticéad bailí nó Cárta Leap TFI bailíochtaithe a chur ar fáil nuair a iarrtar ort amhlaidh a dhéanamh ag foireann Luas, eiseofar Fógra Táille Caighdeánach de €100 ort.

Féach an scáileán Bailíochtóra i gcónaí agus éist don tonn Bailíochtóra le dearbhú go bhfuil tú tar éis Tadhaill Ar/ Tadhaill As a dhéanamh i gceart.

Mura bhfuil tú cinnte má tá Tadhaill Ar/ As déanta, is féidir leat é seo a sheiceáil trí Mheaisín Ticéid a úsáid ag aon Stop Luas. Ná húsáid bailíochtóir chun stádas do Chárta Leap TFI a sheiceáil mar d’fhéadfadh sé Tadhaill Ar/ As Tadhaill a dhéanamh. Ní eisítear aisíocaíochtaí ag Luas as úsáid mhícheart Chárta Leap TFI.

Déanfaidh do Chárta Leap TFI Tadhaill As uathoibríoch ar Luas tar éis 120 nóim ach gearrfar an uastáille ort.

Ón 9 Bealtaine 2022, athraíodh Táillí Chárta Leap TFI ar Luas agus seirbhísí iompair poiblí eile i gceantar Bhaile Átha Cliath.

  • Táille 90 Nóiméad TFI: Aosach €2.00/ Aosach Óg (19-23) agus Mic Léinn: €1.00 / Leanbh: €0.65
  • Táille Ghearr: Aosach €1.30/ Aosach Óg (19-23) agus Mic Léinn: €0.65 / Leanbh: €0.65

Tá eolas breise maidir le táillí agus seirbhísí incháilithe ar fáil, cliceáil anseo.

Tá Ticéad Luas bailí, Pas Bailí nó Cárta Leap TFI bailíochtaithe ag Stop Luas ag teastáil chun Luas a úsáid. Tadhaill Ar roimh gach turas Luas agus Tadhaill As ina dhiaidh ag an Stop Luas chun Cárta Leap TFI bailíochtaithe a bheith agat le haghaidh do thurais.

Beidh Táillí 90 Nóiméad TFI i bhfeidhm d’fhormhór na dturas a n-íoctar astu le Cárta Leap TFI, lena n-áirítear ilmhodh nó turais il-líne Luas a gcuirtear tús leo taobh istigh de 90 nóiméad den chéad Tadhaill Ar. Beidh an táille ghearr i bhfeidhm do thurais Luas áirithe suas le thart ar 3 km. Má tá do thuras ar Luas tar éis turas ar mhodh eile, Tadhaill Ar ag an Stop Luas sula dtéann tú ar Luas agus Tadhall As tar éis an Luas a fhágáil.

Nuair a bhíonn leas á bhaint agat as an Táille 90 Nóiméad TFI ar do Chárta Leap, ní mór duit Tadhaill Ar ag úsáid Bailíochtóir ar an ardán sula dtéann tú ar bord Luas agus Tadhaill As nuair fhágann tú Luas i gcónaí. Cinntítear leis seo go bhfuil ticéad bailí agat le haghaidh do thurais agus ní bheidh tú i mbaol Fógra Táille Caighdeánach Luas de €100 a fháil. Cinnteofar leis go bhfaighidh tú an luach is fearr le haghaidh do thurais chomh maith.

Má tá turas fillte á dhéanamh agat le Cárta Leap TFI ar ceann de na Línte Luas agus déanann tú Tadhaill Ar sula dtéann tú ar an Luas le haghaidh do thuras amach agus déanann tú dearmad Tadhall As, beidh Tadhaill Ar i gceist le haghaidh do Chárta Leap TFI ar feadh 120 nóim ón uair a rinne tú Tadhaill Ar ag an Stop Luas a chuir tú tús le do thuras. Má chuireann tú tús leis an gcuid fillte de do thuras agus déanann tú iarracht Tadhall Ar taobh istigh de 120 nóiméad den uair a rinne tú Tadhaill Ar le haghaidh do bhealach amach, beidh Tadhall As á dhéanamh agat agus ní bheidh ticéad bailí agat don taisteal agus d’fhéadfaí Fógra Táille Caighdeánach de €100 a eisiúint .Ní mór duit a chinntiú i gcónaí go ndéanann tú Tadhaill Ar sula dtéann tú ar Luas ag úsáid Bailíochtóir Luas ag an Stop agus Tadhaill As tar éis Luas a fhágáil do gach turas.

Féach an scáileán Bailíochtóra i gcónaí agus éist don tonn Bailíochtóra le dearbhú go bhfuil tú tar éis Tadhaill Ar/ Tadhaill As a dhéanamh i gceart.

Mura bhfuil tú cinnte má tá Tadhaill Ar/ As déanta, is féidir leat é seo a sheiceáil trí Mheaisín Ticéid a úsáid ag aon Stop Luas. Ná húsáid bailíochtóir chun stádas do Chárta Leap TFI a sheiceáil mar d’fhéadfadh sé Tadhaill As / Tadhaill Ar a dhéanamh, rud a chiallóidh go bhfuil baol ann nach bhfuil cárta bailí agat don taisteal agus d’fhéadfaí táille a ghearradh ort. Ní eisítear aisíocaíochtaí ag Luas as úsáid mhícheart Chárta Leap TFI.

Seol téacs leis na focail LUAS chuig 51444 chun aon eachtra d’iompraíocht fhrithshóisialta a thuairisciú. Léigh na Téarmaí Sheirbhís Téacs Luas agus CCanna anseo

If you have purchased a Luas ticket or if you have Touched On your TFI Leap Card and have been unable to make your Luas journey due to a Service Disruption, a refund of the cost of the ticket or TFI Leap Card Touch On will be issued to you. Note, if an alternative transport option has been put in place by Luas Operator, Transdev, for example but not limited to, Tickets are valid on Dublin Bus, or there is a Luas Bus service put in place for the duration of disruption for example but not limited to, Dualway Bus service, you will not be provided with a refund. To receive a refund, you must submit a refund request to TFI Customer Service by emailing [email protected] and provide satisfactory evidence that you were unable to make your Luas journey due to the Service Disruption.

I paid my fare but decided not to travel. Can I get a refund?

In the event that you purchase a single or return Luas ticket or Touch On your TFI Leap Card and decide not to use the Luas service no refund will be issued, provided Luas services were running normally at the time. I forgot to Touch Off my TFI Leap Card at the end of my journey, can I get a refund? In the event that you fail to touch off at the end of a Luas journey you will be charged the full fare and no refund will be issued. Your TFI Leap Card will automatically Touch Off after 90 minutes if you are travelling over one line or after 180 minutes if you are travelling over two lines.

I purchased a ticket but no ticket was printed, can I get a refund?

If you attempt to purchase a Luas ticket but no ticket is printed, please contact the Luas Customer Service team. If a fault is found with the Ticket Machine from the time of purchase, a refund will be issued. I topped up my TFI Leap Card, but the money did not go onto the card, can I get a refund? If you attempted to top up your TFI Leap Card but the top-up has not been added successfully to your card, please contact the Luas Customer Service team. If a fault is found with the Ticket Machine from the time of the purchase of the top-up, a refund will be issued.

I purchased a Luas ticket, but I did not receive my change, can I get a refund?

If you purchase a Luas ticket but receive no change, please contact the TFI Customer Service team. If a fault is found with the Ticket Machine from the time of purchase, a refund will be issued. If the Ticket Machine has insufficient change, it will print a refund ticket. Please retain this ticket for your records as you will be asked for details from the refund ticket when you contact TFI Customer Service. If the Ticket Machine did not issue you a refund ticket, the Ticket Machine will be checked and, if a fault is found with the Ticket Machine from the time of purchase, a refund will be issued.

I topped up my TFI Leap Card, but I did not receive my change, can I get a refund?

If you topped up your TFI Leap Card but received no change, please contact the Luas Customer Service team. The Ticket Machine will be checked and, if a fault is found with the Ticket Machine from the time of purchase, a refund will be issued.

I paid my Standard Fare Notice, but my appeal was allowed, can I get a refund?

If you have paid your Standard Fare Notice and your appeal has subsequently been allowed, a refund of the Standard Fare Notice amount will be issued. Ticket transactions will be refunded by cheque, debit / credit card, or in cash. TFI Leap Card transactions will be refunded to your TFI Leap Card.

You can contact the TFI Customer Service team Monday to Friday between 7am – 7pm, Saturdays between 8am – 6pm, Sundays and Bank Holidays between 8am – 6pm on 0818 294 015 or email [email protected]