Tá trí shuíomh gréasáin Luas ann faoi láthair:
- Suíomh Gréasáin Luas (luas.ie)
- Suíomh Gréasáin Íocaíochtaí Táillí Caighdeánacha (https://payments.luas.ie/)
- Suíomh Gréasáin Coigilteora Cánach Luas (https://taxsavertickets.luas.ie/)
Táimid feasach go bhféadfaí feabhas a chur ar inrochtaineacht ar chodanna áirithe den suíomh gréasáin. Sna míonna amach romhainn, beimid ag obair ar shuíomh Luas nua. Cuimseofar Suíomh Gréasáin Íocaíochtaí Táillí Caighdeánacha agus Suíomh Gréasáin Coigilteora Cánach leis sin. Tá sé beartaithe againn go mbainfear comhréireacht ag “Leibhéal AA” amach de réir Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 nuair a bheidh sí i bhfeidhm i ráithe 3, 2024. Más gá duit teagmháil a dhéanamh linn mar thoradh ar shaincheisteanna inrochtaineachta nó ar aon chúis eile, féach na sonraí teagmhála ag deireadh an ráitis seo.
Tá Transdev Dublin Light Rail Limited, Oibritheoir Luas, tiomanta do na nithe seo a leanas:
- Suíomh gréasáin Luas inrochtana a chothabháil
- Cinntiú go mbainfidh suíomh gréasáin Luas comhréireacht ag “Leibhéal AA” amach de réir Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.0, chun Cód Cleachtais ar Inrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise a chuireann Comhlachtaí Poiblí ar Fáil de chuid an Údaráis Náisiúnta Míchumais
- Cinntiú go mbainfear comhréireacht ag “Leibhéal AA” amach maidir le haon fhaisnéis nua amach de réir Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1
- Inrochtaineacht a chur san áireamh nuair a dhéanfaimid córais thríú páirtí a sholáthar nó nuashonraithe ar chórais atá ann cheana.
Stádas comhlíontachta
Sna Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán, sainítear ceanglais ar dhearthóirí agus forbróirí chun feabhas a chur ar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Tá Transdev Dublin Light Rail Limited i gcomhréir go páirteach le WCAG 2.1 agus tá sé i gceist go mbeifear go hiomlán i gcomhréir leis an suíomh faoi dheireadh 2024.
Ábhar neamh-inrochtana
Táimid i mbun suíomh gréasáin nua a fhorbairt. Tá roinnt den ábhar ar shuíomhanna gréasáin Luas neamh-inrochtana faoi láthair, tiocfaidh suíomh gréasáin nua a bheidh i gcomhréir ina n-áit faoi dheireadh 2024.
Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo
Nuashonraíodh an suíomh gréasáin seo agus cuireadh ar fáil é ar an 5 Aibreán 2024. Leagtar amach na modhanna a úsáideadh chun an ráiteas a ullmhú in Alt 3 (1) den Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1523 ón gCoimisiún agus ag an Údarás Náisiúnta Míchumais anseo. Is é seo an chéad leagan den Ráiteas Inrochtaineachta Gréasáin seo.
Aiseolas agus faisnéis teagmhála
Cuirimid fáilte roimh d’aiseolas maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin Luas. Má mheasann tú nach bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar na suíomhanna gréasáin, nó faisnéis a iarraidh nó úsáid a bhaint as ábhar na suíomhanna gréasáin ar chúiseanna inrochtaineachta, téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara TFI trí Fhoirm Ghréasáin, trí ríomhphost a chur chuig [email protected], nó trí Ghlao Áitiúil a chur ar 0818 294 015.