Skip to main content

Siúl Sábháilte ar fud Luas

Baineann na mílte coisí agus na céadta tram úsáid as sráideanna gnóthacha Bhaile Átha Cliath go laethúil. Glacann roinnt coisithe rioscaí, ní fhanann siad ar an gcomhartha siúil nó brostaíonn siad trasna na ráillí gan féachaint. Ní mór do choisithe Féachaint agus Éisteacht do Luas. #LuasSafety

Ráillí Luas a Thrasnú

Ba cheart do choisithe cloí leis na treoracha sábháilteachta seo a leanas agus iad ag trasnú ráillí Luas:

  • Trasnaigh na ráillí ag úsáid trasrian coisithe i gcónaí.
  • Féach ar dheis agus ar chlé sula ngabhann tú ar aghaidh i gcónaí
  • Cloígh le rialacha an bhóthair i gcónaí
  • Bí ag éisteacht amach do bhonnáin agus do chloigíní rabhaidh ó thramanna atá ag teacht, d’fhéadfadh cluasáin nó fón póca d’aird a bhaint.
  • Ullmhaigh i bhfad roimh ré agus tóg d’aimsir
  • Bíonn na ráillí tram sleamhain in aimsir fhliuch agus shioctha. Bí ar d’airdeall.

Ag Stop Luas

A choisithe, cuimhnigh ar an méid seo nuair atá tú ag Stop Luas:

  • Fan amach ó imeall an ardáin nuair atá an tram ag teacht agus nuair a fhágann sé. Tá líne bhán leathan feadh imeall an ardáin chun aird a tharraingt ar an imeall.Ar mhaithe le sábháilteacht, iarrtar ar choisithe gan an líne seo a thrasnú go dtí go bhfuil an tram tar éis stopadh ag an ardán.
  • Lig do phaisinéirí an tram a fhágáil sula ndéanann tú iarracht dul air.
  • Níor chóir dul thar na Comharthaí ‘Gan aon Rochtain’ riamh.

Luas Pedestrian Signage

Pedestrians need to look out for certain signs and pavement markings when walking around Luas.

Cineál Comhartha Brí an chomhartha
Comhartha ‘Féach gach treo’
Caithfidh coisithe Féachaint gach Treo sula dtrasnaíonn siad ráillí Luas.
Comhartha ‘Rochtain ar bith’
Níl cead ag coisithe dul thar an gcomhartha ‘Rochtain ar bith’.
Líne Bhán an Ardáin
Tá Líne Bhán leathan feadh imeall an ardáin chun aird a tharraingt ar an imeall.
Pábháil Dhaite
Léirítear trasnú coisithe neamhrialaithe thar an trambhealach leis an bPábháil Dhaite.
Pábháil Mhuileata
Tá pábháil a bhfuil cruth mhuileata air lonnaithe 550mm ó imeall an ardáin agus tá sé comhthreomhar le fad iomlán an ardáin agus feadh an ardáin. Cuireann sé seo in iúl do phaisinéirí go bhfuil siad ag druidim le himeall an ardáin.
Pábháil Chorda an Rí
Úsáidtear pábháil chorda an rí chun foláireamh a thabhairt do phaisinéirí go bhfuil siad ag druidim le contúirt agus gur cheart dóibh a bheith san airdeall. Úsáidtear é chun láithreacht contúirtí áirithe a aithint lena n-áirítear céimeanna, nuair a cheanglaíonn conair nó cosán bealach roinnt (cosán coisithe agus rothair) agus ag bun ascnaimh fánánacha chuig ardáin Luas.
Pábháil Chlogach 
Úsáidtear pábháil thadhlach a bhfuil dromchla chlogach aici chun foláireamh a thabhairt do choisithe maidir leis an áit a gcríochnaíonn cosán agus a dtosaíonn carrbhealach, áit nach mbíonn colbha.

Tuilleadh Eolais

Má tá aon cheist agat téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméirí TFI trí Ghloach Áitiúil ag 0818 294 015 nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected]