Ag dul go Páirc an Chrócaigh le haghaidh cluiche an samhradh seo? Páirceáil & Taistil le Luas agus tóg tram go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir siúl timpeall 15 nóiméad chuig Páirc an Chrócaigh ó Stad Luas Busáras nó Stáisiún Uí Chonghaile. Cliceáil anseo chun léarscáil siúlóide a fheiceáil.
Eolas Páirceála agus Taisteal Luas
Líne Dhearg Luas:
- Páirceáil agus Taisteal na Bó Deirge
- Páirceáil agus Taisteal Bhaile an tSíbhrigh
Líne Uaine Luas:
- Páirceáil agus Taisteal Bhaile Amhlaoibh
- Páirceáil agus Taisteal Stigh Lorgan
- Páirceáil agus Taisteal Áth an Ghainimh
- Páirceáil agus Taisteal Charraig Mhaighin
Is féidir íoc as páirceáil ag na Meaisíní Ticéad ar Ardáin Luas, chomh maith le do thicéad Luas le haghaidh taistil, nó ar líne le APCOA connect.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Pháirc agus Taisteal Luas, cliceáil anseo.
Na leideanna is fearr chun taisteal ar Luas
- Ceannaigh ticéad fillte ar do bhealach chuig an cluiche
- Úsáid Cárta Leap TFI chun Tadhaill Air agus As go gasta ag na stadanna agus fan glan ar scuaine ag na Meaisíní Ticéid
- Íoslódáil an Aip Luas saor in aisce atá ar fáil ar an Apple App Store agus an Google Play Store le haghaidh faisnéise beo Luas
- Tá cosc ar chaitheamh tobac, galtoitín agus ól ar bord Luas
- Tabhair meas i gcónaí do chomhphaisinéirí agus d’fhoireann Luas
Chun iompar eile a phleanáil, bain úsáid as an Aip TFI Live, atá ar fáil ar líne nó tríd an aip a íoslódáil ó Google Play nó ón Apple App Stores.
Féach an rannán um Nuashonruithe Taistil dár suíomh gréasáin le haghaidh nuashonruithe i gcás go n-athrófar seirbhís. Le haghaidh Eolais Fhíor-Ama do Phaisinéirí (RTPI), seiceáil an Aip Luas, atá ar fáil ar an Apple App agus Google Play stores, nó, roghnaigh do stad ón mír a bhaineann um Eolas Luas Beo ar ár leathanach baile.
Lean @Luas ar X, Instagram agus Facebook le haghaidh nuashonruithe taistil thar an deireadh seachtaine.
Má tá ceist agat, seol ríomhphost chuig Seirbhís do Chustaiméirí TFI ag [email protected] nó cuir glaoch ar 0818 294 015 le haghaidh cúnaimh.