Faisnéis faoi Achomharc in aghaidh Táille Caighdeánach

Gach bliain iompraítear na milliúin paisinéirí ar thramanna Luas. Bheadh cailliúint ioncaim shuntasach ann don Luas fiú sa chás go dteipfeadh ar chéatadán beag paisinéirí íoc as a dticéad.

Is cion coiriúil í seachaint táille. Ní mór ticéad bailí a bheith i do sheilbh don turas ar a bhfuil tú ag dul sula théann tú ar aon tram Luas. Mura bhfuil ticéad bailí nó Cárta Leap TFI bailíochtaithe agat nuair a iarrtar ort do thicéad a thaispeáint, d’fhéadfá a bheith ionchúisithe sa Chúirt Dúiche faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid, 2005. D’fhéadfadh fíneáil go hoiread agus €1,000 a bheith ar phaisinéir a thaistealaíonn gan ticéad bailí nuair a ionchúisítear é/í sa Chúirt Dúiche mar aon le costais dlí. 

Mura féidir leat ticéad bailí a thaispeáint nuair a iarrann Gníomhaire do Chustaiméirí nó Oifigeach Údaraithe ort, d’fhéadfadh sé go ngearrfaí Fógra um Tháille Caighdeánach (FTC) ort.

Ráiteas Míniúcháin a Chur Isteach

Gearradh Fógra um Tháille Caighdeánach (FTC) ort ar luach €100 i gcomhréir le Fodhlíthe Iarnród Éadrom.

Ligeann Luas dá chustaiméirí Ráiteas Míniúcháin a chur isteach laistigh de 14 lá ón dáta eisiúna ar an bhfógra. Is féidir ráiteas míniúcháin a chur isteach anseo.

Ní chuirfear táille chaighdeánach ar ceal ach amháin má chuirtear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil. 

  1. Má gearradh fógra um Tháille Caighdeánach ort ar chúis 00, cuir cóip de thicéad 30 lá do mhic léinn ar fáil dúinn ar a bhfuil uimhir Chárta Leap TFI do mhic léinn nó d’aosaigh óga priontáilte go soiléir ar thosach an ticéid.) Ní mheasfar aon ticéad eile a cuireadh ar fáil i ndiaidh an ghnímh mar achomharc rathúil.
  2. Más custaiméir Coigilteora Cánach thú, cuir uimhir Chárta Leap TFI san áireamh sa chomhfhreagras go léir. Má bailíochtaíodh an Cárta Leap TFI agus lódáladh an táirge cuí ar an gcárta, cuirfear an FTC ar ceal.
  3. Má gearradh fógra um Tháille Caighdeánach ort ar chúis 08, cuir stair idirbheart ó do chuntas Chárta Leap TFI ar fáil ina léirítear tapáil air ag an am a raibh tú ag taisteal. 

Déanfar gach ráiteas eile a fhaightear a mheas mar neamhbhailí agus déanfar an FTC cuí a fhorfheidhmiú.

Íoc as d’Fhógra um Tháille Caighdeánach Anseo

Is féidir linn an ráta laghdaithe €45 a thairiscint duit má íocann tú as an FTC taobh istigh de 14 lá ón dáta eisiúna.

Má tá ráiteas míniúcháin curtha isteach agat taobh istigh den tréimhse chuí de 14 lá, beidh an FTC reoite go dtí go ndéantar cinneadh faoin bhfógra cé acu é a chur ar ceal nó a fhorfheidhmiú.

Tá sé tábhachtach le tabhairt faoi deara gurb ionann €100 agus an Fógra um Tháille Caighdeánach, ligfimid don ráta laghdaithe €45 chomh fada is a íoctar taobh istigh de 14 lá é.

Mura n-íocann tú as an bhfógra taobh istigh de 28 lá, d’fhéadfadh sé go gcuirfeá toghairm ort chuig an gcúirt. Má chiontófar thú i seachaint táille, gearrfar fíneáil oiread agus €1000 ort mar aon le ciontú coiriúil

Chun an FTC a gearradh ort a íoc, cliceáil anseo.