Dul ar an tram agus teacht den tram: 2 riail shimplí
- Agus tú ag dul ar bord an tram, fan go dtí go dtiocfaidh daoine den Luas ar dtús agus ansin téigh isteach air: beidh sé níos éasca agus beidh níos mó spáis agat.
- Fan go dtí go mbeidh an tram imithe ón stad tram sula dtrasnaíonn tú na ráillí. Trasnaigh ag na pointí trasnaithe ainmnithe agus féach i gcónaí sa dá threo le haghaidh tramanna atá ag druidim leis an stad. Féadfaidh fóin phóca agus cluasáin cur isteach ort.
Ag stadanna: Bain úsáid as na boscaí bruscair atá ar fáil ag gach stad.
Ar bord: Léirigh meas ar phaisinéirí eile agus déan tú féin a iompar go cuí
-
Tá suíocháin curtha in áirithe do dhaoine scothaosta, do mhná torracha agus do phaisinéirí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Cinntigh go mbeidh siad ar fáil dóibh.
-
Déan iarracht gan cur isteach ar na paisinéirí eile. An fhuaim a choinneáil íseal ar chluasáin. Má bhíonn tú ag caint ar an bhfón, labhair go híseal.
-
Ná cuir do chosa ar na suíocháin agus déan tú féin a iompar go cuí ar thramanna Luas agus ag stadanna i gcónaí. Iarrfaidh foireann Luas ar aon phaisinéir atá ag tógáil clampair, an Luas a fhágáil láithreach.
-
Ná hith, ná hól ná caith tobac, lena n-áirítear r-tobac, ar bord an tram.
-
Ní cheadaítear ainmhithe ar bord, cé is moite de mhadraí treoracha.
-
Má bhíonn tú ar thram Luas atá plódaithe agus mála droma ort, cinntigh go mbainfidh tú de do dhroim é ionas nach mbuailfidh tú aon duine leis agus tú ag casadh thart nó ag cúlú. Má fhaigheann tú suíochán, smaoinigh ar dhaoine eile agus cuir an mála ar an urlár nó ar do ghlúine.
Rialaíonn Fodhlíthe Luas an taisteal ar agus úsáid Luas. Is cion é aon cheann de na Fodhlíthe a shárú. Más mian leat dul i gcomhairle leo, léigh a leathanach nó cuir glaoch ar Sheirbhísí do Chustaiméirí TFI ag 0818 294 015.
