Polasaí Príobháideachais

Déanann cuideachta Keolis Amey Luas gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir leis na rialacháin Eorpacha agus Francacha is infheidhme.

Is é is aidhm don pholasaí príobháideachais seo faisnéis a thabhairt duit faoi na críocha agus na coinníollacha faoina bpróiseálaimid faisnéis phearsanta a d’fhéadfaimis a bhailiú tríd ár n-ardáin éagsúla. Áirítear leis sin ár seirbhísí tráchtála, ár suíomh gréasáin (www.capbus.fr), ár n-aipeanna soghluaiste, ár líonraí sóisialta nó aon imeachtaí a d’fhéadfaí a eagrú.

Comhlánaíonn ár bPolasaí maidir le Bainistiú Fianán, atá ar fáil ag www.luas.ie, an Polasaí Príobháideachais seo chun faisnéis a thabhairt duit faoi na críocha agus na coinníollacha a bhaineann le húsáid fianán nó sonraí nascleanúna a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar ár suíomh gréasáin agus ar ár n-aipeanna soghluaiste.

Moltar duit an t-am a thógáil chun an Polasaí Príobháideachais seo a léamh chun go mbeadh an t-eolas úsáideach ar fad agat a chuirfidh ar do chumas an úsáid a bhaintear as do chuid faisnéise pearsanta a thuiscint, agus na cearta a ráthaítear duit leis na dlíthe is infheidhme agus leis an bPolasaí Príobháideachais seo a fheidhmiú go saor agus go hiomlán.

1. Forálacha ginearálta

An duine atá freagrach as an bpróiseáil

Is é Keolis Amey Luas an rialaitheoir sonraí atá freagrach as do chuid faisnéise pearsanta a phróiseáil, ach amháin nuair a ghníomhaítear de réir threoracha ár bpríomhchliant agus ar a gcuntas eisiach siúd. Sa chás sin, cuirfear in iúl duit (i) ag an am a mbaileofar d’fhaisnéis phearsanta, (ii) nó sa Pholasaí Príobháideachais seo, (iii) nó nuair is mian leat bearta a dhéanamh linn maidir le d’fhaisnéise pearsanta a chosaint.

Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide

Is cuid dhílis den Pholasaí Príobháideachais seo iad Téarmaí Ginearálta Úsáide ár seirbhísí, agus ní mór é a léamh i gcomhcheangal leo (atá ar fáil san fhógra dlíthiúil).

An dlí is infheidhme agus an t-údarás riaracháin inniúil

Tá an Polasaí Príobháideachais seo á rialú ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) Uimh. 2016/679 ("RGCS") agus ag Acht na Fraince um Chosaint Sonraí Uimh. 78-17 an 6 Eanáir 1978 arna leasú ("Loi Informatique et Libertés"), faoi mhaoirseacht údarás cosanta sonraí pearsanta na Fraince, an CNIL (Commission Nationale de l'Informatique et des Libertés - www.cnil.fr).

Naisc chuig suímh gréasáin tríú páirtithe

D’fhéadfaí go mbeadh naisc ar ár suíomh chuig suímh gréasáin, feidhmchláir soghluaiste, táirgí nó seirbhísí atá á n-oibriú ag tríú páirtithe (lena n-áirítear suímh fógraíochta, ár gcomhpháirtithe nó líonraí sóisialta), nó go mbainfí úsáid as naisc den sórt sin air. Meabhraítear duit nach mbaineann an Polasaí Príobháideachais seo leis na tríú páirtithe seo, nach bhfuil aon smacht againn orthu agus nach féidir linn a bheith freagrach as a gcuid gníomhaíochtaí.

Moltar duit athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe príobháideachais, ar nósanna imeachta agus ar chleachtais na dtríú páirtithe seo.

Cosaint leanaí

Chun críocha táirgí agus seirbhísí Keolis Amey Luas a sholáthar go digiteach, d’fhéadfaí sonraí pearsanta a bhailiú ó leanaí faoi 16 bliana d’aois, faoi rialú agus le toiliú a n-ionadaithe dlíthiúla (tuismitheoirí nó caomhnóirí). Tá ceart roghnach ag úsáideoirí ár seirbhísí digiteacha a chuireann in iúl dúinn go bhfuil siad faoi 16 bliana d’aois go ndéanfaí a gcuid sonraí a scriosadh (faoi réir ár n-oibleagáidí dlíthiúla coinneála a thuairiscítear in Airteagal 7 "Tréimhsí Coimeádta na sonraí a bhailítear" thíos), ceart ar féidir leo a fheidhmiú go díreach nó trína n-ionadaí dlíthiúil, ag am ar bith agus gan chúis, trí theagmháil a dhéanamh linn ag communication@keolis.ie ;

2. Na sonraí pearsanta a bhailíte

Baineann an Polasaí Príobháideachais seo le sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a bhailiú uait nó fút (féach thíos), lena n-áirítear na foinsí seo a leanas:

  • Líonadh isteach ár bhfoirmeacha síntiúis nó bailithe ar pháipéar nó go leictreonach nó le linn oibríochtaí nó imeachtaí a eagraíonn Keolis Quimper a nglacann tú páirt iontu;
  • Cuairt a thabhairt ar cheann dár láithreacha díolacháin fisiciúla agus/nó ceann dár seirbhísí a cheannach;
  • Iarratas ar theagmháil nó ar mhalartuithe lenár seirbhísí caidrimh le custaiméirí;
  • Bailíochtú ticéad, rialú rochtana ar ár seirbhísí (iompar uirbeach agus idirchathrach, nó próiseáil cionta agus bailiú fíneálacha;
  • Nuair a úsáideann tú ár seirbhísí, lena n-áirítear ár gcórais agus ár bhfeidhmchláir ticéadaithe;
  • Ag brabhsáil ár suímh gréasáin www.capbus.fr nó ag úsáid ár bhfeidhmchlár soghluaiste;
  • Nuair a fhaightear nó nuair a sheoltar r-phoist, teachtaireachtaí téacs nó teachtaireachtaí leictreonacha eile idir Keolis Agde agus tú féin.

3. Úsáid do shonraí pearsanta

Bailítear agus úsáidtear do shonraí pearsanta chun na bpríomhchríoch a thuairiscítear thíos:

  • Chun soláthar agus úsáid ticéad iompair a bhainistiú agus chun calaois a shárú;
  • Chun ár gcomhaid chustaiméirí agus d’ionchasaigh, chomh maith le soláthar ár seirbhísí agus bainistiú conarthach, teicniúil, airgeadais agus cuntasaíochta ar an gcaidreamh lenár gcustaiméirí agus le húsáideoirí ár seirbhísí a bhainistiú;
  • Chun do shonraí íocaíochta a phróiseáil go slán nuair a chláraíonn tú do sheirbhís;
  • Chun tú a choinneáil ar an eolas faoin nuacht is déanaí maidir lenár líonra agus faoi aon teagmhais agus cur isteach ar sholáthar ár seirbhísí;
  • Chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chuid riachtanas agus d’ionchas chun seirbhísí oiriúnaithe a sholáthar duit, agus chun úsáid ár seirbhísí a thomhas d’fhonn ár dtairiscintí a fheabhsú;
  • Chun déileáil le d’iarratais, le feidhmiú do chearta agus le do ghearáin;
  • Chun an dlí, na rialacháin, agus iarratais agus orduithe dlíthiúla a chomhlíonadh.

4. Tarchur sonraí

Má thug tú do thoiliú foirmiúil, d’fhéadfadh Keolis Amey Luas do shonraí pearsanta a chur in iúl:

Laistigh de Ghrúpa Keolis

D’fhéadfaí do shonraí pearsanta a chomhroinnt le heintitis áirithe de chuid Ghrúpa Keolis, d’fhonn leanúnachas ár seirbhísí agus an caidrimh lenár gcustaiméirí, lenár n-ionchasaigh nó le húsáideoirí ár suímh ghréasáin agus ár bhfeidhmchlár soghluaiste a chinntiú;

Chuig soláthraithe seirbhíse tríú páirtí

D’fhéadfaí do shonraí pearsanta a chomhroinnt le tríú páirtithe iontaofa, atá lonnaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach, chun cabhrú linn ár seirbhísí a oibriú agus, go háirithe, chun feidhmiú iomchuí shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchláir soghluaiste Keolis Agde a chinntiú;

Chuig comhpháirtithe gnó

Comhroinnfear sonraí áirithe faoi ainm bréige, nach bhfuil aon aitheantóirí díreacha iontu, chun na gcríoch a thuairiscítear in Airteagal 3 'Úsáid do Chuid Faisnéise Pearsanta' thuas;

Chuig tríú páirtithe ar chúiseanna dlíthiúla

I gcás ina mbeidh sé de cheangal orainn an dlí, na rialacháin, agus iarratais agus orduithe dlíthiúla a chomhlíonadh, nó má cheadaítear sin le dlí is é sin, chun cearta a chosaint, nó i gcás staideanna a bhaineann bagairt do bheatha, do shláinte nó do shábháilteacht, etc.).

Ar aon chuma, éilímid i gcónaí ar na faighteoirí seo ráthaíochtaí leordhóthanacha rúndachta agus slándála a thíolacadh agus na bearta fisiceacha, eagraíochtúla agus teicniúla is gá a ghlacadh chun do chuid faisnéise pearsanta a chosaint agus a thaisceadh go slán, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Rialaítear aon aistrithe sonraí lasmuigh den Aontas Eorpach ag na meicníochtaí a bhailíodh an Coimisiún Eorpach nó na húdaráis inniúla

5. Slándáil sonraí

Déanann Keolis Amey Luas do chuid faisnéise pearsanta a thaisceadh go slán trí bhearta fisiceacha, eagraíochtúla agus teicniúla leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar aon rochtain, úsáid, nochtadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe, i gcomhréir leis na rialacháin atá i bhfeidhm.

Áirítear ar na bearta sin, go háirithe:

  • Stóráil ar fhreastalaithe slána laistigh den Aontas Eorpach;
  • Slándáil do chuid sonraí, go háirithe trí phróisis um ainmniú bréige, trí chriptiú ar shonraí a tharchuirtear, agus trí mhodhanna a chur i bhfeidhm chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht do chuid sonraí a ráthú;
  • Rochtain ar do chuid sonraí a theorannú ar bhonn 'gá eolais'

Cé go gcuireann Keolis Amey Luas gach beart is féidir i bhfeidhm chun do shonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil na faisnéise a tharchuirtear ar ár suíomh gréasáin nó ar cheann dár bhfeidhmchláir soghluaiste a ráthú nuair a bhíonn locht slándála ag cur isteach ar do chríochfort nó ar do bhrabhsálaí.

6.  Do chearta maidir le do shonraí pearsanta

Faoin RGPD agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, tá cearta éagsúla agat, lena n-áirítear:

Rochtain, modhnú, nuashonrú agus scriosadh do shonraí pearsanta

Is féidir leat rochtain a iarraidh ar do chuid sonraí pearsanta atá á gcoinneáil agus á bpróiseáil ag Keolis Amey Luas, dul i gcomhairle leo, cóip i bpáipéar nó i bhformáid leictreonach a fháil díobh, agus a gceartú, a n-nuashonrú nó a scriosadh a iarraidh.

Cur ina choinne

Is féidir leat a iarraidh, ag am ar bith, nach ndéanfar do shonraí a phróiseáil a thuilleadh.

Iniomparthacht

Is féidir leat a iarraidh go ndéanfar do shonraí atá á bpróiseáil a chur ar fáil duit i bhformáid oscailte atá inléite ag meaisín, bíodh sin le haghaidh d’úsáid phearsanta féin nó chun iad a aistriú chuig rialaitheoir sonraí eile.

Teorannú ar phróiseáil

I gcásanna áirithe, féadfaidh tú a iarraidh go gcuirfí srian ar phróiseáil do chuid sonraí.

Gearán chuig Údarás Maoirseachta

Gan dochar d’aon leigheas dlíthiúil eile, tá an ceart agat gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta na tíre sin de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil cónaí ort, ina n-oibríonn tú nó ina measann tú gur tharla sárú ar do chuid cearta.

Is féidir leat na cearta seo go léir a fheidhmiú trí iarratas i scríbhinn a sheoladh chugainn, mar aon le cóip de do chárta aitheantais, chuig na sonraí teagmhála a luaitear in Airteagal 9 'Teagmháil a dhéanamh linn'.

Déanfar gach iarracht freagra a thabhairt ar d’iarratais a luaithe is féidir agus i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, seans nach mbeifear in ann freagra fabhrach a thabhairt ar d’iarratas de bharr ár n-oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha a bheith le comhlíonadh.

7. Tréimhsí coinneála do shonraí bailithe

Coinneofar do shonraí pearsanta ar feadh na tréimhse is gá amháin chun na cuspóirí éagsúla atá sainithe in Airteagal 3 "Úsáid do shonraí pearsanta" thuas a chomhlíonadh, seachas i gcásanna ina gceadaítear nó ina n-éilítear faoin dlí orainn iad a choinneáil níos faide.

Tugtar achoimre sa tábla thíos ar na tréimhsí coinneála uasta éagsúla is infheidhme maidir le Keolis Amey Luas nó a fhorchuirtear air, de réir na gcuspóirí a bhféadfar do shonraí pearsanta a phróiseáil ina leith. Tá feidhm ag na tréimhsí uasta seo mura n-iarrann tú go scriosfar do shonraí nó go gcuirfear stop lena n-úsáid sula dtéann siad in éag, ach amháin má thagann an t-iarratas sin salach ar aon oibleagáid dhlíthiúil a d’fhéadfaí a fhorchur ar Keolis Amey Luas.

8. Athruithe ar an bPolasaí Príobháideachais

D’fhéadfadh Keolis Amey Luas athruithe a dhéanamh ar an bPolasaí Príobháideachais seo ó am go chéile.

Moltar duit breathnú ar an leathanach seo go rialta chun na modhnuithe a thabhairt faoi deara agus chun fanacht ar an eolas faoi na bearta a dhéantar chun do shonraí pearsanta a chosaint.

9. Déan teagmháil linn

Chun do chearta a fheidhmiú nó má tá aon cheist agat maidir leis an bPolasaí Príobháideachais seo, déan teagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: comunication@keolis.ie