Ceadúnais do ghníomhaíochtaí neamhthráchtála

KAL - Non commercial activities Permits

TABHAIR FAOI DEARA: Ní mór gach cuid den fhoirm seo a líonadh isteach. Cuir mionsonraí cruinn ar fáil mar a iarrtar iad. Ní eiseofar uimhir cheadúnais i leith foirmeacha nach bhfuil comhlánaithe i gceart. D’fhéadfadh sé 3 lá oibre a thógáil chun uimhir cheadúnais a eisiúint. Má bhíonn aon cheist agat, seol r-phost chuig: communications@keolisameyluas.ie agus cuir uimhir theileafóin teagmhála leis.

Roinn 1 - Comhlánaigh gach réimse sa rannóg seo

Ainm agus seoladh an Iarratasóra:

Please enter a valid phone number (10 digits)
Please enter a valid phone number (10 digits)
Please enter a valid email address (it must contain an @)

Ainm agus seoladh na heagraíochta atá ag gníomhú thar ceann an Iarratasóra:

Please enter a valid phone number (10 digits)
Please enter a valid phone number (10 digits)
Please enter a valid email address (it must contain an @)

Roinn 2 - Sonraí na Gníomhaíochta

Tabhair faoi deara: Ní bhronnfar ceadúnas sa chás ina bhféadfadh an ghníomhaíocht bheartaithe a bheith maslach do phaisinéirí an Luas agus/nó don phobal.

Roinn 3 - Coinníollacha maidir le deonú ceadúnais

Ní mór do gach duine ar an Luas nó i gcomharsanacht an Luas iad féin a iompar go sábháilte i gcónaí.


Ná cuir bac ar ghluaiseacht coisithe agus ná tabhair orthu siúl ar an rian.

  • Ná cuir bac ar dhoirse na dtramanna Luas.
  • Ná seas ar an trambhealach.
  • Ná cuir isteach ar phaisinéirí ná ar a maoin.
  • Séanann Keolis Amey Light Rail Dublin agus Bonneagar Iompair Éireann (BÍÉ) leis seo gach dliteanas i leith caillteanais nó damáiste d’aon duine ar an Luas nó i gcomharsanacht an Luas de bhun an cheada seo nó i ndáil leis an gcead seo, seachas díobháil phearsanta nó bás a tharla de bharr gnímh nó faillí de chuid Keolis Amey Light Rail Dublin nó BÍÉ.
  • Cinntigh go bhfuil a fhios ag an bpobal go bhfuil gníomhaíocht údaraithe á déanamh agat (i.e. trí chárta aitheantais a thaispeáint, etc.).
  • Bíodh d’uimhir cheadúnais ar fáil má iarrann Foireann Keolis Amey Light Rail Dublin é.
  • Déan teagmháil le Seomra Rialaithe Lárnach an Luas nuair a shroichfidh tú an stad. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an bPointe Cabhrach Éigeandála in aice leis an meaisín díola ticéad a bhrú, nó ar fhón (01 4614919). Cuir in iúl dóibh go bhfuil tú ag tosú ar do ghníomhaíocht agus tabhair d’uimhir cheadúnais dóibh.
  • Tabhair faoi deara go bhfuil gach duine ar an Luas nó i gcomharsanacht an Luas clúdaithe ag na Fo-dhlíthe um Iarnród Éadrom (Rialú Taistil agus Úsáide) (I.R. Uimh. 100 de 2015), ar féidir iad a fháil ag www.luas.ie, agus gur cion é na Fo-Dhlíthe seo a shárú. Cuir sibh féin ar an eolas maidir leo seo.
  • Má iarrann comhalta d’Fhoireann Keolis Amey Light Rail Dublin ort scor de ghníomhaíocht, ní mór duit déanamh amhlaidh ar an bpointe boise.