Tá go leor bealaí ann chun fanacht sábháilte le Luas. Ag na stadanna, ar bord nó in aice leis na ráillí, foghlaim tuilleadh faoi na rialacha sábháilteachta agus na gnéithe sábháilteachta atá á dtairiscint ag an Luas duit.
- Féach ar leathanach gréasáin na Rialacha Sábháilteachta le haghaidh tuilleadh eolais.
- Féach ar leathanach gréasáin Safe Walking Around Luas le haghaidh tuilleadh eolais.
- Féach ar leathanach gréasáin Safe Driving Around Luas le haghaidh tuilleadh eolais.
- Féach ar leathanach gréasáin Safe Cycling Around Luas le haghaidh tuilleadh eolais.
Féach ar leathanach Slándála agus Iompair Fhrithshóisialta le haghaidh tuilleadh eolais ar na bearta slándála atá i bhfeidhm chun turas sábháilte agus compordach a chinntiú.
Coinnigh Greim Láimhe ar Dhuine – Teachtaireacht Sábháilteachta ón Luas
Níor mhaith le duine ar bith a bheith scartha óna pháiste nó ó pháiste faoina chúram.
Tá an Luas ag cur i gcuimhne do gach custaiméir a bhíonn ag taisteal le leanaí dul ar an tram agus teacht den tram ag an am céanna leis an leanbh / na leanaí atá ag taisteal leo.
Ar an dea-uair, is annamh a bhíonn leanaí scartha óna dtuismitheoirí nó óna gcomhpháirtithe taistil, ach is leor aon teagmhas amháin, mar sin táimid ag cur i gcuimhne do dhaoine:
- Coinnigh Greim Láimhe ar Dhuine.
- Téigh agus tar den tram ag an am céanna.
Cuimhnigh, má scarann tú féin nó an leanbh atá faoi do chúram óna chéile, is féidir leat an cnaipe SOS ar bord an tram a bhrú agus labhairt leis an Tiománaí, nó an Pointe Cabhrach Éigeandála ag Stad an Luais a bhrú in aice leis an meaisín ticéad agus labhairt le Rialú an Luais. Is féidir glaoch ar na Gardaí ar 999.
