19/10/2026
I rith dheireadh seachtaine Saoire Bainc Dheireadh Fómhair, beidh roinnt athruithe ar sheirbhísí an Luas de bharr Mharatón Bhaile Átha Cliath.
Maratón Bhaile Átha Cliath
Dé Domhnaigh an 25 Deireadh Fómhair, beidh dúnadh páirteach sealadach ar Líne Dhearg an Luas agus ní bheidh aon seirbhísí ag feidhmiú idir Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile ó thart ar 08:45 go dtí 10:45 chun freastal ar Mharatón Bhaile Átha Cliath.
Fillfidh Líne Dhearg an Luas ar ghnáthsheirbhís idir an Bhó Dhearg agus Stáisiún Uí Chonghaile ag thart ar 10:45.
Lá Saoire Bainc an Luain an 26 Deireadh Fómhair
Lá Saoire Bainc an Luain, an 26 Deireadh Fómhair 2026, beidh an Luas ag feidhmiú de réir Uaireanta agus Minicíochta Oibriúcháin an Domhnaigh, agus cuirfear tús leis na seirbhísí ag 7:00 ar Líne Uaine agus ar Líne Dhearg an Luas.
Beidh na tramanna ag feidhmiú de réir Ghnáthuaireanta agus Gnáthmhinicíochta Oibriúcháin ó Dé Máirt an 27 Deireadh Fómhair.
Páirceáil agus Taisteal leis an Luas
Ar Líne Dhearg an Luas tá áiseanna Páirceála agus Taistil le fáil ag Baile an tSíbhrigh, an Bhó Dhearg, agus Tamhlacht. Ar Líne Uaine an Luas tá áiseanna Páirceála agus Taistil le fáil ag Baile Amhlaoibh, Stigh Lorgan, Áth an Ghainimh agus Carraig Mhaighin.
Tá breis eolais faoi Pháirceáil agus Taisteal Luas, lena n-áirítear conas íoc as páirceáil, ar fáil anseo. [Link underlined text to https://www.luas.ie/car-parking/]
Na leideanna is fearr chun taisteal ar Luas
- Ceannaigh ticéad fillte ar do bhealach chuig an imeacht
- Bain úsáid as Cárta Leap TFI chun Tapáil Air agus As go tapa ag na stadanna agus scuainí a sheachaint ag na Meaisíní Ticéad
- Íoslódáil Aip saor in aisce Luas ar shiopaí Apple App agus Google Play le haghaidh faisnéise beo Luas
- Ná déan dearmad, tá cosc ar alcól a ól, ar chaitheamh tobac agus ar vápáil ar thramanna.
- Léirigh meas ar fhoireann an Luas agus lean treoracha ó fhoirne slándála agus baill foirne na n-imeachtaí.
Chun Eolas Fíor-Ama a fháil, íoslódáil an Aip Luas, atá ar fáil ar Apple App Store agus ar Google Play.
Lean @Luas ar Twitter agus ar Facebook nó tabhair cuairt ar an leathanach Nuashonruithe Taistil ar ár suíomh gréasáin le haghaidh nuashonruithe seirbhíse thar an deireadh seachtaine.
Má tá ceist agat, cuir glaoch ar Fhoireann Seirbhíse do Chustaiméirí TFI ar 0818 294 015 le haghaidh cabhrach.
