Tosaíonn an tsábháilteacht anseo

18/08/2026

Tosaíonn an tSábháilteacht Anseo

Maidir le sábháilteacht, tá freagracht orainn go léir.  

Tá sábháilteacht mar phríomhthosaíocht don Luas.  

Gach lá, taistealaíonn na mílte paisinéirí go sábháilte ar fud ghréasán Luas. Chun cuidiú lena chinntiú go bhfanfaidh sé amhlaidh, ba mhaith linn a mheabhrú do phaisinéirí Luas seasamh glan ó dhoirse an tram i gcónaí agus iad ag oscailt agus ag dúnadh.  

Ní oibríonn doirse an tram ar an mbealach céanna le doirse ardaitheora. Níl siad deartha chun gach rud nó gach gluaiseacht sa doras a bhrath, mar sin d’fhéadfadh aon rud a bheith gafa i ndoras atá ag dúnadh, mála droma, scáth fearthainne, mála siopadóireachta … a bheith ina bhaol sábháilteachta dáiríre, don duine atá i gceist agus do chumas an tram imeacht go sábháilte araon.  

 Tá céimeanna beaga ann ar féidir leat a ghlacadh chun cabhrú leat féin agus le daoine eile a choinneáil slán agus tú ag taisteal ar Luas:  

  

  1. Coinnigh earraí pearsanta glan ó dhoirse atá ag dúnadh.  

  

  1. Ná déan iarracht riamh dul ar bord tram ná éirí de agus na doirse ag dúnadh. Bíonn solas oráiste ag splancadh os cionn gach dorais, agus cloistear fuaim rabhaidh nuair atá na doirse ar tí dúnadh. Ní féidir leis an tram bogadh mura bhfuil na doirse in ann dúnadh; d’fhéadfá tú féin a ghortú má dhúnann na doirse ort, áfach.  
      
  1. Seas i bhfad siar ó imeall an ardáin i gcónaí – go háirithe nuair a bhíonn tramanna ag teacht chuig an stad. Cinntigh go gcoinnítear málaí droma, málaí agus rudaí eile glan ó imeall an ardáin chomh maith, chun a chinntiú nach dtiocfaidh tú i dteagmháil le tram atá ag dul thart.  
      
  1. Má tá na doirse ag dúnadh, ná deifrigh. Lig dóibh dúnadh agus fan leis an gcéad tram eile. Ní bheidh ort fanacht ach cúpla nóiméad, agus is é sin an rogha is sábháilte i gcónaí.  
      
  1. Fan glan, fan slán.  

Tá freagracht orainn go léir as an tsábháilteacht. Iarraimid ar gach duine atá ag taisteal ar Luas a chinntiú go gcoinnímid muid féin agus ár gcomhphaisinéirí slán.  

Watch the video on YouTube

Féach freisin ar an bhfíseán ar chainéil Instagram agus Facebook Luas, agus cuidigh leis an teachtaireacht a scaipeadh: Fan glan ó na doirse atá ag dúnadh.