Scéalta Luas

10/07/2026

Scéalta Luas

Fáilte chuig Scéalta Luas, sraith léaráidí a cheiliúrann Luas agus an méid a chuireann sé le Baile Átha Cliath agus an ceangal atá aige leis an gcathair.

Déanann gach póstaer iniúchadh ar fhíric maidir le Luas nár smaoineamh tú uirthi ná nach bhfuil cloiste agat roimhe seo. Áirítear leo seo na ciliméadair a taistealaíodh, astaíochtaí ar leibhéal na sráide (nialas!), na pobail a nasctar, agus comhtháthú Luas le líonra iompair phoiblí níos leithne TFI.

Ba é Tuarascáil Sochar Luas a spreag an feachtas, tuarascáil a leagann béim ar an méid a chuir Luas le pobail, gnólachtaí agus forbairtí Bhaile Átha Cliath ó cuireadh tús leis in 2024.

Is iad na maisitheoirí as Corcaigh Roger Overall agus Emily Overall, ó Show and Tell, a dhear na saothair le hionchur ó chomhghleacaithe ó Bonneagar Iompair Éireann, Luas agus TFI.

Tá súil againn go mbainfidh tú sult as iad a fheiceáil ar an líonra sna míonna amach romhainn.

Cartoon illustration at a Luas tram stop showing several large, colourful shoes in the foreground and passengers waiting beside an approaching tram. The text reads “Luas has sole” and “Luas transports over one million pairs of shoes every week.”

Tagann Luas chun boinn

Ba é 2005 an chéad bhliain iomlán a raibh Luas i mbun seirbhíse, nuair a d’iompair sé 22 milliún paisinéir ar an Líne Dhearg agus ar an Líne Uaine le chéile.

Ag an am sin, chuaigh an Líne Dhearg ó Thamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile, agus an Líne Uaine ó Fhaiche Stiabhna go hÁth an Ghainimh.

Faoi 2011, bhí an Líne Dhearg sínte chun stadanna a áireamh go dtí an Iosta na Rinne, agus ó Belgard go Teach Sagard.

In 2010, síneadh an Líne Uaine an bealach ar fad ó dheas go Gleann Bhríde. Agus in 2017, críochnaíodh síneadh Traschathrach na Líne Uaine, rud a thug í ó thuaidh thar an Life agus suas go Droichead Broome.

Tá línte nua Luas ag croílár na físe do Bhaile Átha Cliath agus do Chorcaigh. I mBaile Átha Cliath, nascfaidh Luas an Poll Beag, Leamhcán agus Fionnghlas le lár na cathrach. I gCorcaigh, nascfaidh Luas Baile an Chollaigh le Rinn Mhachan. Tá cuid de na cinn scríbe riachtanacha i gCorcaigh suite feadh an bhealaigh, lena n-áirítear Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, lár chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh agus Páirc Uí Chaoimh.

Ó thosaigh seirbhís Luas, tá méadú seasta tagtha ar líon na bpaisinéirí. Ní hamháin toisc gur cuireadh stadanna nua leis, ach freisin toisc go bhfuil Luas ag éirí níos mó agus níos mó ina mhodh iompair coitianta chun taisteal thart timpeall Bhaile Átha Cliath.

Tá méadú os cionn 50% tagtha ar líon na bpaisinéirí Luas le deich mbliana anuas, agus shroich sé sin 55 milliún in 2025. Is ionann é sin agus thart ar 10 n-oiread dhaonra Phoblacht na hÉireann.

   

The image is a colourful cartoon-style illustration set in a busy city street at St. Stephen’s Green. On the right, there is a large building with a glass dome and several people walking, talking, cycling, and waiting along the street. In the centre, a diagonal escalator with the bilingual text “Faiche Stiabhna / St. Stephen’s Green” carries a queue of diverse passengers up toward a Luas tram platform. At the top left, a purple text box titled “AerLuas” reads:  At peak times, Green Line trams arrive at St. Stephen’s Green with up to 350 passengers every three minutes. That’s almost the same as the first ‘Jumbo Jets’.

AerLuas 

Le linn buaicthréimhsí na maidine, bíonn 58 tram ar líonra Luas ag am ar bith, agus 18,000 paisinéir orthu. Is ionann sin agus beagnach dhá oiread thoilleadh Staid Thamhlachta.

Tógtar tuairim is turas amháin as gach seacht dturas ar iompar poiblí i bPoblacht na hÉireann ar Luas. Fágann sé sin go bhfuil sé ar cheann de na líonraí iompair phoiblí is gnóthaí san Eoraip.

Oibríonn Luas chomh dian sin go n-iompraíonn sé níos mó paisinéirí in aghaidh na bliana ná córas tram Mhanchain sa Ríocht Aontaithe, cathair atá dhá oiread níos mó ná Baile Átha Cliath agus ina bhfuil dhá oiread níos mó tramanna agus stadanna tram.

Dá gcuirfí stadanna uile Luas i gcomparáid le haerfort, láimhseáil siad níos mó paisinéirí ná Aerfort na Róimhe in 2025, agus is é sin an 8ú haerfort is gnóthaí san Eoraip, ceithre háit chun tosaigh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Illustration of astronauts boarding a Luas tram in a city setting with the Irish flag flying on a historic building. A full moon is visible in the sky. The text explains that in 2025, Luas travelled over 4.4 million kilometres, more than 11 times the average distance between the Earth and the Moon.

Síneann Luas chuig an nGealach

An raibh a fhios agat go n-athraíonn an t-achar idir an Domhan agus an Ghealach de bharr fhithis éilipseach na Gealaí timpeall an Domhain?

Féadfaidh an t-achar idir an dá cheann athrú de bhreis ar 1,000 ciliméadar laistigh d’aon uair an chloig amháin.

Is é 384,399 ciliméadar meánfhad an achair idir an Domhan agus an Ghealach. Ag an bpointe is faide i gcéin, bíonn an Ghealach 405,696 ciliméadar uainn. Ag an bpointe is gaire, bíonn sí 363,105 ciliméadar uainn.

Agus tá an Ghealach ag imeacht níos faide uainn. Ach ag meánráta de 4 cheintiméadar in aghaidh na bliana.

This image illustrates the concept of "Long-distance Luas." It shows a Luas tram traveling through a stylized space scene with planets Earth, Venus, Mars, and Mercury connected by a curved path representing distance traveled. The text highlights that between 2004 and 2025, Luas traveled over 70 million kilometers—more than the closest distances between Earth and Venus and between Earth and Mars. It adds that by 2028, Luas will have covered the closest distance between Earth and Mercury, which is 82 million kilometers. This visualization emphasizes the impressive cumulative distance covered by Luas trams over time.

Luas i bhfad i gcéin

Ó cuireadh tús le seirbhísí Luas in 2004 go deireadh 2025, thaistil tramanna Luas 74,733,863 ciliméadar.

Gan trácht ach ar anuraidh amháin, thaistil Luas breis agus 4,415,699 ciliméadar.

Dá mba spásárthach é Luas, bheadh sé tar éis taisteal thar Véineas agus Mars cheana féin agus níos faide i gcéin.

Ag an bpointe is gaire dúinn, tá Véineas 40 milliún ciliméadar uainn agus tá Mars 56 milliún ciliméadar uainn. Is é Mearcair an chéad phláinéad eile is gaire don Domhan, atá thart ar 82 milliún ciliméadar uainn nuair atá sé ar an bpointe is gaire dúinn.

Mar sin, beidh Luas tar éis an t-achar idir an Domhan agus Mearcair a thaisteal faoi 2028.

Ach ní shroichfimid na pláinéid is faide uainn (Neiptiún agus Plútón) go ceann 1,000 bliain eile. 

The image illustrates a Luas tram traveling down a tree-lined urban street with people walking on either side. The words "ZERO HERO" are written on the tram tracks in large letters. The text explains that Luas is 100% electric, so the trams produce zero emissions at street level, helping everyone to breathe easier.

Is Laoch Nialais é Luas

Gineann stáisiúin chumhachta an leictreachas a ritheann Luas le hacmhainní traidisiúnta agus in-athnuaite.

Ciallaíonn sé sin nach gcuireann Luas féin le haon astaíochtaí ar leibhéal na sráide i mBaile Átha Cliath.

Agus fiú nuair a chuirtear astaíochtaí ó stáisiúin chumhachta thraidisiúnta san áireamh, tá Luas fós ar cheann de na bealaí is glaine chun taisteal timpeall Bhaile Átha Cliath ar an iomlán, agus tá ceann de na tionchair is lú aige ar an gcomhshaol.

Má roghnaíonn tú Luas, tá tú ag roghnú don aeráid agus don phláinéad. Dá ndéanfaí gach turas Luas i gcarr, chiallódh sé sin os cionn 35,000 turas cairr breise in aghaidh an lae i mBaile Átha Cliath. Mhéadódh sé sin astaíochtaí CO2 breis agus 1,000 tonna in aghaidh na míosa. 

The image illustrates a Luas tram at a city stop called "The Point," with various pedestrians around and a background that includes modern and historic buildings. The text states that since Luas started running in 2004, every one of the over 70 million kilometres travelled has been powered by electricity, including the user’s current journey.

Téann Luas leis an sruth

Díreach cosúil le do thóstaer, faigheann Luas a chuid leictreachais ón eangach náisiúnta leictreachais.

Ach teastaíonn i bhfad níos mó leictreachais chun tram a thiomáint ná chun píosa aráin a thósta.

Faigheann do thóstaer a chumhacht ó sholáthar leictreachais 230 volta, a sheachadtar trí ghnáthsoicéad leictreach sa bhalla, ach ní úsáideann sé ach sruth beag bídeach de.

Tá tram Luas á chumhachtú le 750 volta leictreachais, méid ollmhór, a théann trí cháblaí sé mhéadar os cionn an ráille. Tá sé sin os cionn trí huaire níos cumhachtaí ná an soláthar leictreachais chuig do theach. Toisc gur rith sé ar leictreachas i gcónaí, d’fhéadfá a rá gur smaoineamh réabhlóideach a bhí sa Luas.

Achtá Luas i bhfad níos éifeachtúla ná do thóstaer. Gach uair a chuireann an tram na coscáin i bhfeidhm, athghabhann sé cuid den fhuinneamh sin agus cuireann sé ar ais isteach sa chóras é – cosúil le gineadóir mór.

Suimiúil go leor, cuireadh an chéad charr leictreach ar díol in Éirinn i 1981. (Ag breathnú ar aghaidh an chairr, bhí cuma Luas beag air i ndáiríre). Ach ní raibh carranna leictreacha le feiceáil go rialta ar bhóithre na hÉireann go dtí 2010.

Cartoon illustration showing a Luas tram traveling through a stylised map of Dublin with buildings and neighbourhoods along the line. The text reads “Dublin blooms where Luas zooms,” explaining that Luas has been an integral part of the city’s evolution, has supported the regeneration of older parts of Dublin, and has helped connect Dublin’s newest suburbs to the rest of the city.

Baile Átha Cliath faoi bhláth, Luas faoi rath

Tá Luas tar éis a bheith ina chuid lárnach d’fhorbairt Bhaile Átha Cliath. Thacaigh leathnú Luas le hathfhorbairt na seancheantar de chuid Bhaile Átha Cliath. Agus chuidigh sé le bruachbhailte is nuaí Bhaile Átha Cliath a nascadh leis an gcuid eile den chathair.

Chuidigh síneadh na Líne Dearga isteach i gCeantar na nDugaí le 500 gnólacht agus 40,000 post a mhealladh isteach sa cheantar. Tugann sé rogha áisiúil iompair phoiblí freisin do na daoine a bhfuil cónaí orthu sna 1,100 teach nua i gCeantar na nDugaí.

Chuidigh teacht Luas le hathbheochan na gceantar thart ar stadanna Fatima agus Rialto ar an Líne Dhearg. Tugann Luas rochtain éasca do dhaoine ar na príomhospidéil anseo freisin: Ospidéal San Séamas, Ospidéal an Chúim agus an tOspidéal Náisiúnta Leanaí nua.

Ón tús, tá an Líne Dhearg tar éis Tamhlacht a nascadh leis an gcuid eile de Bhaile Átha Cliath, agus chuir sí feabhas freisin ar na naisc iompair le lár bhaile Thamhlachta, Ospidéal Thamhlachta, Amharclann Civic agus Ionad Ealaíon Bhaile Átha Cliath Theas Rua Red.

Chuidigh síneadh na Líne Dearga go hIarthar na Cathrach, Baile Uí Fhoirtcheirn agus Teach Sagard le spreagadh a thabhairt go forbairt tithíochta feadh an bhealaigh. D’imir an Líne Uaine tionchar ar an gcathair freisin.

Sa deisceart, chuidigh síneadh na Líne Uaine go Gleann Bhríde le Crios Forbartha Straitéisí Choill na Silíní a fhorbairt. Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh 25,000 duine ina gcónaí ann agus beidh 22,000 post nua ann.

Sa tuaisceart, tugann síneadh na Líne Uaine go Droichead Broome rochtain éasca do 20,000 mac léinn agus ball foirne ar champas nua lár na cathrach de chuid Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ag an gCloch Leathan.

Cartoon-style illustration of a Dublin coat of arms being laced together with colourful Luas tram lines, under the heading “Luas ties Dublin together.” A caption explains that for over 20 years, Luas has helped connect Dublin communities and visitors to each other and to the wider public transport network.

Baile Átha Cliath fite fuaite le Luas 

Tá ról lárnach ag Luas chun gach cuid den chathair a thabhairt le chéile.

Téann an Líne Dhearg ar feadh 20 ciliméadar soir-siar, ag stopadh ag 32 stad, ó Iosta na Rinne go Tamhlacht agus ó Stáisiún Uí Chonghaile go Teach Sagard.

Tá an Líne Uaine 24.5 ciliméadar ar fad agus freastalaíonn sí ar 35 stad thuaidh-theas, ó Dhroichead Broome go Gleann Bhríde.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil na codanna is sine agus is lárnaí de Bhaile Átha Cliath nasctha leis na codanna is nuaí ar imeall na cathrach trí iompar compordach agus áisiúil.

Ní hamháin go méadaíonn Luas an tuiscint go bhfuil gach cuid de Bhaile Átha Cliath nasctha agus gur cuid den chathair chéanna iad, ach déanann sé an chathair ar fad níos inrochtana do chách. Áirítear leis sin cuairteoirí go Baile Átha Cliath ó áiteanna eile in Éirinn agus ó thar lear, a mbíonn Luas ina threoraí iontaofa dóibh trí chathair nach bhfuil cur amach acu uirthi.

Seachas cuidiú le Baile Átha Cliath a dhéanamh ina phobal, is pobal ann féin é Luas – pobal atá bunaithe ar eispéireas comhroinnte. Tar éis an méid sin uile, tarraingítear daoine le chéile agus iad ag taisteal ar Luas, breis agus 55 milliún uair gach bliain.

The image shows a vibrant, cartoon-style interior of a Luas tram filled with diverse passengers in colorful attire, some reading or engaged in various activities. The text reads: "Luas loves the craic" and highlights that within a kilometre of the Luas network, there are 1 convention centre, 3 stadia/arenas, 12 theatres, 15 parks, and 29 museums. This emphasizes the cultural and recreational richness accessible via the Luas network.

Craic agus Comhluadar le Luas

Tá Luas anois ina bhealach tábhachtach do dhaoine le dul chuig ionaid áineasa Bhaile Átha Cliath.

 Laistigh de chiliméadar amháin ó líonra Luas, tiocfaidh tú ar:

ionad comhdhála amháin

3 staid/láthair
12 amharclann
15 pháirc
29 músaem

Tabharfaidh Luas tú laistigh d’achar siúil ó Staid Thamhlachta nó Páirc an Chrócaigh.

Fágann Luas tú díreach timpeall an chúinne ó Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath agus tugann sé lucht ceolchoirme díreach síos go dtí Iosta na Rinne. Agus cuidíonn sé leat dul abhaile ina dhiaidh sin.

I measc na 12 amharclann a bhfreastalaíonn Luas orthu tá an Gaiety, an Academy, Amharclann na Mainistreach, Bord Gáis Energy Theatre agus an Olympia.

I measc na bpáirceanna atá gar do stad Luas tá Faiche Stiabhna, Cearnóg Mhuirfean, Páirc an Fhionnuisce, Gairdíní Uíbh Eachach agus Páirc Ghleann na Tulchann.

I measc na músaem tá Ard-Mhúsaem na hÉireann, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus Músaem Phríosún Chill Mhaighneann.   

Cartoon illustration of a busy Luas platform filled with workers in different uniforms and outfits, representing a variety of professions. The heading reads “Luas gets to work,” and the caption explains that 300,000 jobs in the Dublin Metropolitan Area are within a 15‑minute walk of a Luas stop, and that each year Luas commuters add millions of euros to the economy.

Luas ar bhealach na hoibre

Tá athrú mór tagtha ar shuíomh na ngnólachtaí agus ar na háiteanna ina n-oibríonn daoine de thoradh infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí ardacmhainne, agus tá fás láidir tagtha ar an bhfostaíocht feadh chonairí Luas.

Tá breis agus 800,000 duine fostaithe i mBaile Átha Cliath anois. Tá 300,000 de na poist sin laistigh de

shiúlóid 15 nóiméad ó stad Luas.

Agus tá lucht oibre Bhaile Átha Cliath ag baint níos mó agus níos mó úsáide as áisiúlacht Luas. Idir 2011 agus 2022, tháinig méadú 35% ar líon na ndaoine a bhí ag taisteal ar Luas chun dul chun oibre agus abhaile ón obair.

Ina theannta sin, tá 111 bhunscoil ar a laghad agus 47 meánscoil laistigh de

chiliméadar amháin ó Luas. Tá 31 coláiste agus ollscoil tríú leibhéal ann freisin, lena n-áirítear Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath.

The image shows a complex, looping network of various transport modes including Luas trams, trains, buses, cars, bicycles, and ferries, all intertwined in a continuous loop with pedestrians as well. The heading reads “Luas keeps you in the loop,” and the text explains that in 2025, people travelled over 363 million times on TFI (Transport for Ireland) services, which averages to almost one million journeys per day. This highlights the extensive and interconnected transportation system supported by Luas and other TFI services.

Is iomaí cor agus casadh i scéal Luas

Tá ról mór ag seirbhísí iompair phoiblí a oibríonn Transport for Ireland (TFI) i saol mhuintir na hÉireann. Le chéile, thug Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Go Ahead, Iarnród Éireann, Luas agus Nasc Áitiúil TFI 363.5 milliún paisinéir chuig a gceann scríbe in 2025.

Ba mhéadú 6% é sin, beagnach 20 milliún turas, ar an 343.6 milliún turas a cuireadh i gcrích in 2024.

I gcás TFI Luas, ba bhliain cheiliúrtha é 2025. D’iompair sé breis agus 55 milliún paisinéir, méadú ó 52 milliún in 2024. D’iompair Bus Átha Cliath 164 milliún paisinéir in 2025. D’iompair Bus Éireann 53.6 milliún paisinéir. Baineadh úsáid as seirbhísí Go-Ahead Ireland 26 milliún uair.

D’fhás na seirbhísí áitiúla agus réigiúnacha freisin. D’iompair seirbhísí Nasc Áitiúil TFI 6.97 milliún paisinéir san iomlán. Áirítear leo sin seirbhísí bealaigh rialta agus iompar a fhreagraíonn don éileamh (TRT). Ba bhliain den scoth í seo do Nasc Áitiúil TFI, le méadú 19% i gcomparáid le 2025.

Cuireann an fás sin le síneadh leanúnach an Phlean Soghluaisteachta Tuaithe TFI. Is é is aidhm leis an bplean sin iompar agus soghluaisteacht a fheabhsú i gceantair níos iargúlta den tír.